Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: bast · beast · beat · beet · belt
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
best could be a grammatical form of: good » · well »
New English–Irish Dictionary has an entry for best »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
best1 . 1 a a. & s.Rogha f, scoth f, plúr m; (an rud is, ba, etc.) fearr. The best of men, togha, rogha, scoth, na bhfear. The best of women, plúr na mban. Best man (at wedding), vaidhtéaraí m, finné m fir. Who was his best man? cé sheas leis? We drank of the best, d'ólamar scoth na dí. He was dressed in his best clothes, bhí a chulaith Dhomhnaigh air. He can sing with the best, tá sé inchurtha leis an gcuid is fearr acu ag ceol. He is the best worker, níl aon fhear oibre ann ach é. The best of the matter, the best of it, is that. . ., an chuid is fearr den scéal go . . . The best part of the way, of the year, an mhórchuid den bhealach, den bhliain. The best part of the work, tromchuid na hoibre. It would be the best thing for you, ba é do bhuaic é, ba é lár do leasa é. The best plan would be to ask him, séard ab fhearr a dhéanamh ceist a chur air. He was doing his best, the best he could, bhí sé ar a dhícheall, ag déanamh a dhíchill. He did his best to smile, rinne sé a dhícheall gáire a dhéanamh. She looked her best, bhreathnaigh sí i mbarr a scéimhe. He is at his best, tá sé ina neart, i mbláth a mhaitheasa. She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta. He got the best of it, of the bargain, bhí an chuid ab fhearr de, den mhargadh, aige. To make the best of sth., a mhór a dhéanamh de rud. You must make the best of what you have, sin cnámh agat agus cuir féin feoil air. To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh. S.a. FOOT1 1, NEXT I. 2, SECOND-BEST. b Adv.phr. At (the) best. To sell at best, díol ar an bpingin is airde. At (the) best it is poor, níl maith sa chuid is fearr de. He acted for the best, le dea-rún a rinne sé é. He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith agus d'fhéadfadh sé. To the best of my knowledge, recollection, ar feadh m'eolais, mo chuimhne. 2 adv. a He does it (the) best, is leisean is fearr a thig a dhéanamh. The best I could, chomh maith agus a tháinig liom. You know best, agatsa is fearr a fhios. Do as you think best, déan an rud is fearr de réir do bharúla féin. b The best dressed man, an fear is cóirithe; an fear is fearr éide. The best known book, an leabhar is mó, is fearr, a bhfuil eolas air.
best2, v.tr.Faighim an ceann is fearr ar (dhuine).
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
To turn sth. to the best account, a mhór a dhéanamh de rud.
I thought I was acting for the best, le dea-rún a rinneas é.
He executed the deal to the best advantage, rinne sé an margadh ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh.
The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
The best one of all those which I bought, an ceann is fearr dar cheannaigh mé.
(The) best of all would be to . . ., ba é an rud ab fhearr. . .
He was animated by the best intentions, neart dea-rúin a bhí á spreagadh.
This is far and away the best, seo an rud is fearr ar gach uile bhealach.
(With definite predicate) (i) He is the best doctor in the place, is é an dochtúir is fearr san áit é.
John is the best (of them), is é Seán is fearr (orthu).
To the best of my belief, ar feadh mo thuairime; chomh fada le mo bharúil.
F: She had on her best bib and tucker, bhí sí cóirithe ina culaith Dhomhnaigh.
F: He's the best of the bunch, is é is fearr den iomlán é.
He is dressed in his best clothes, tá an chulaith is fearr aige air; F: tá a chulaith Domhnaigh air.
He counts among my best friends, tá sé ar dhuine de na cairde is fearr agam.
It is the best course, the right course, is é an beart is fearr é.
They are the best ever, is iad is fearr amuigh.
By far the best, an ceann ab fhearr go mór fada.
He is far and away the best, is é an té is fearr go mór is go fada é.
To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; géarú ar an gcoisíocht; (ii) do dhícheall a dhéanamh.
The best plan will be for you to go away for a time, ní fearr rud a dhéanfá ná an áit a fhágáil go ceann tamaill.
Prov: The best of friends must part, is é dán na gcairde scaradh.
P: His (best) girl, his girl friend, a ghrá geal.
F: I'll give you best, géillim duit; fágaim an fear is fearr agat.
It is one of the best firms going, tá sé ar cheann de na comhlachtaí is fearr amuigh.
Hunger is the best sauce, is maith an t-anlann an t-ocras.
He did it with the best (of) intentions, le dea-rún, dea-chroí, a rinne sé é.
To my knowledge, to the best of my knowledge, as far as my knowledge goes, ar feadh m'eolais; go bhfios dom; chomh fada le m'eolas.
F: He did his level best, rinne sé a mhíle dícheall, teann a dhíchill.
The best by a long way, an ceann is fearr go mór agus go fada.
I must manage as best I can, caithfidh mé teacht i dtír chomh maith agus thig liom.
To the best of my memory, ar feadh mo chuimhne; chomh fada agus is cuimhneach liom.
The next best thing would be to . . ., ba é an chéad rud eile ab fhearr . . .
One of the best, scoth na bhfear.
The best of men, rogha na bhfear.
That is the best offer I can make, ní féidir liom cur leis an tairiscint sin.
She is one of the best girls . . ., tá sí ar na cailíní is fearr . . .
To pick out the best, an chuid is fearr a thoghadh.
Prov: Everyone knows best where his own shoe pinches, agat féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg ort.
F: The best plan would be to . . ., ba é ab fhearr a dhéanamh . . .
The best way of proceeding, an bealach is fearr le dul i gceann gnóthaí.
F: To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; (ii) do dhícheall a dhéanamh.
Of the best quality, den chéad scoth.
Quite the best one, an ceann is fearr ar fad.
To rank among the best, bheith ar an gcuid is fearr acu.
He did it for reasons best known to himself, aige féin is fearr a fhios cén fáth a ndearna sé é.
To the best of my reckoning, ar feadh m'eolais.
To the best of my recollection, ar feadh mo chuimhne.
To the best of my remembrance, chomh fada le, ar feadh, mo chuimhne.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News