Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: Lough · agh · blagh · lag · lagú
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for laugh »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
laugh1, s.Gáire m. A short laugh, smuta m gáire. To burst into a laugh, scairteadh gáire a dhéanamh; pléascadh ar gháire. He gave a loud laugh, lig sé a sheangháire. To force a laugh, give a forced laugh, gáire doicheallach a dhéanamh. With a laugh, agus mé (é, etc.) ag gáire. To raise a laugh, gáire a bhaint as an gcuideachta. I had, got, the laugh of John, agamsa a bhí an gáire faoi Sheán (ar deireadh thiar). I had the laugh on my side, mise a rinne an gáire; agamsa a bhí an gáire.
laugh2 . 1 v.i.Gáirim; déanaim gáire. a To laugh heartily, gáire go croíúil. To laugh immoderately, uproariously, bheith sna trithí ag gáire; bheith in arraingeacha ag gáire. She laughed till she cried, bhí sí ag gáire go dtáinig na deora lena súile. He laughed to himself, rinne sé gáire leis féin. To laugh in, up, one's sleeve, inwardly, bheith ag gáire faoi choim. I soon made him laugh on the wrong side of his face, on the wrong side of his mouth, ba ghearr an mhoill orm an magadh a chur ina dháiríre air. He laughed on the wrong side of his face, ba é gáire Sheáin dóite aige é. b To laugh at, over, sth., gáire faoi rud. There is nothing to laugh at, níl aon chúis gháire ann. To laugh at s.o., gáire a dhéanamh faoi dhuine. He got laughed at, is amhlaidh a bhíothas ag gáire faoi. 2 v.tr. a With cogn. acc.He laughed a bitter laugh, rinne sé gáire searbh, dóite. b We laughed him out of it, bhíomar ag magadh faoi gur thug sé suas é. They laughed down the proposal, chuir siad deireadh leis an tairiscint le neart magaidh. They laughed him out of court, rinneadar geoin de. They laughed him to scorn, gháireadar go tarcaisneach faoi. He laughed the matter off, níor rinne sé den scéal ach greann.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To laugh at sth., gáire a dhéanamh faoi rud.
They are always laughing, bíonn siad i gcónaí ag gáire.
He broke into a laugh, d'imigh gáire air, phléasc sé amach ag gáire.
He burst out laughing, scairt sé amach ag gáire.
How could I but laugh? cén chaoi a bhféadfainn gan gáire?
It would make a cat laugh, dá mbeifeá taobh le haon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi.
I nearly died of laughing, bhí mé ag cur m'anama amach ag gáire.
He may be excused for laughing, ní thógfaí air gáire a dhéanamh.
He was laughing at my expense, bhí sé ag gáire fúmsa.
F: To give a fat laugh, gáire plásánta a dhéanamh.
She forced a laugh, rinne sí gáire doicheallach.
Forced laugh, gáire doicheallach.
Laughing gas, ocsaíd nítriúil.
To give a laugh, gáire a dhéanamh.
Half laughing, half crying, idir bheith ag gáire agus ag gol.
Whole-hearted laugh, gáire croíúil.
I can't help laughing, ní thig liom cúl a choinneáil ar na gáirí.
He is in no laughing humour, ní fonn gáire ar bith atá air.
Hysterical laugh, saobhgháire m.
Orn: Laughing jackass, cruidín mór Astráileach.
He was laughing fit to kill himself, bhí sé ag briseadh a chroí ag gáire.
I am in no laughing mood, níl aon fhonn gáire orm.
It is no laughing matter, ní haon ábhar gáire é.
A little makes us laugh, is beag an rud a bhaineann gáire asainn.
Loud laugh, scolgháire m.
To laugh loudly, scairteadh gáire a ligean.
He was in no mood for laughing, is beag an fonn gáire a bhí air.
His only answer was to burst out laughing, níor thug sé de fhreagra orm ach racht gáire a dhéanamh.
To laugh outright (at s.o.), racht gáire a dhéanamh faoi dhuine.
To laugh at the right place, gáire a dhéanamh ina am féin.
To repress a laugh, cúl a choinneáil ar gháire.
F: It's all right for you to laugh!is réidh agatsa a bheith ag gáire.
This answer set them off laughing, chuir an freagra seo ag gáire iad.
It is a shame to laugh at him, is mór an náire bheith ag magadh faoi.
A spontaneous laugh, gáire spleodrach.
Strained laugh, gáire doicheallach.
It seems to me more suitable to laugh, feictear dom gur gáire ba chirte a dhéanamh.
Unforced laugh, gáire nádúrtha.
Unnatural laugh, gáire mínádúrtha.
Vacuous laugh, baothgháire m.
Wherefore do you laugh?cad chuige a bhfuil tú ag gáire?
Wistful laugh, (i) gáire cumhach; (ii) gáire meabhróideach.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Have you ever known me to tell a lie?an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News