Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: strengthen · sreangtha · sreath · stangtha · strange
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for strength »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
strength, s. 1 Neart m; láidreacht f. Strength of body, neart m, urra m, coirp. Strength of current, treise f sratha. Strength of a colour, doimhne f datha. Strength of a solution, neart m tuaslagáin. Strength of mind, daingne f intinne. Strength of will, rúndaingne. By sheer strength, le tréan nirt. To recover, regain, strength, teacht chugat féin; bisiú. On the strength of his promise, ag taobhú lena ghealltanas. Mec: Breaking strength of beam, barrúd m bíoma. 2 They were present in great strength, bhí siad slua mór ann. 3 Mil: Líon m (airm, slua). To bring a battalion up to strength, cathlán a thabhairt ar lánlíon. At full strength, slán. On the strength, sa chomhaireamh ceann. To strike s.o. off the strength, duine a bhaint den rolla.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To bring all one's strength to bear on a lever, iomlán do mheáchain a chur, a ligean, ar luamhán.
Mec: Bending strength, frithlúbthacht f.
He lacks (strength of) character, níl aon diongbháilteacht, aon neart, ann.
He is distinguished for his strength, is cuid suntais é le spreacadh.
His strength ebbed away, sceith an neart as; thréig a neart é.
Ebbing strength, neart a bheadh ag dul i léig.
Rope of extra strength, téad ríláidir.
My strength is failing me, tá mé ag cailleadh mo bhrí.
Battalion at full strength, cathlán líon a shlua.
To gain strength, dul i neart.
He gathered all his strength to raise the stone, chuir sé a neart ar fad leis an gcloch á tógáil.
(Of invalid) To gather strength, dul i láidreacht.
When I get back my strength, nuair a thiocfas neart arís ionam.
My strength was giving out, bhí ag teip ar mo neart.
The patient is losing strength, tá an fear breoite ag dul i laige, in ísle brí.
What he lacked in intelligence, he made up for in strength, an méid a bhí sé siar sa stuaim thug sé isteach sa neart é.
To measure one's strength with s.o., dul i gcoimhlint nirt le duine.
To muster (up) one's strength, do neart a chruinniú.
He overrated his strength, bhí iomarca iontaoibhe aige as a neart.
He overtaxed his strength, chuir sé é féin thar a acmhainn, thar a riocht.
(Of pers.) To pick up strength, neartú arís; teacht chugat féin.
To regain strength, éirí láidir arís.
To restore s.o.'s strength, duine a athneartú; duine a thabhairt chuige féin arís.
I am saving my strength, tá mé ag coigilt mo chuid urra, ag conlú ar mo neart.
Such is his strength that . . ., tá de neart ann go . . .
Mec: Tearing strength, friotaíocht f stróicthe.
Tensile strength, stress, neart m, strus m, teanntachta.
F: He is a tower of strength, tá sé ina chrann seasta.
To try one's strength against s.o., do neart a fhéachaint le duine.
Unity is strength, ní neart go cur le chéile.
He was unsparing of his strength, thug sé a raibh ina chnámha.
To use up one's strength, do neart a chloí, a thraochadh, a reic.
Man lacking strength of will, duine lagintinneach, lagspeosach.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News