Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: A · ál · án · ár · ás
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
á1, poss. a., 3 sg. m. & f. & 3 pl. (As object of vn.) (Lenites and eclipses according to number and person in the same manner as a5). Bhí mé á dhíol, I was selling it. Bhí sé á dhíol go saor, (i) he was selling it cheaply, (ii) it was being sold cheaply. Bhíomar á gceannach, we were buying them. Bhí siad á gceannach, (i) they were buying them, (ii) they were being bought. Bhí siad á moladh aige, they were being praised by him.
á2, int. Ah!
á3 = 2,3,4.
á4 :a1.
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
A fada (Á, á), long A.
Mar a bheadh Dia á rá leis, as if God ordained it, as if his life depended on it.
Cad ab ~ leat á dhéanamh sin? What are you doing that for?
D’~ sé a ainm á lua, he heard his name mentioned.
Níl á bhaint den saol ach é, it is worrying him to death.
Tá an áit á bánú, the place is becoming deserted, depopulated.
Ní á bhaint as do bhéal é, not that I wish to interrupt you.
Leanbh breá, Dia á bheannú, a fine child, God bless him.
Bhí sé á bheophianadh go n-imeodh sé, he was impatient to go.
Tá siad á m~ ar bharr toinne, they are being tossed about on the waves.
Níor lig an náire dom a bheith ag brath orthu, á mbrath, I was ashamed to be dependent on them, asking favours of them.
Bhí na focail á mbriseadh ina bhéal, he could scarcely speak with emotion.
Tá an-bhrus á dhéanamh ar an obair aige, he is really tearing into the work.
Tá rud éigin ~ leis sin á ithe aige, he is eating something besides that.
Bhí sé á cháibleáil san uisce, he was being tossed about in the water.
Tá na blianta á gcaitheamh, the years are passing.
De réir mar a bhí an oíche á ~eamh, according as the night wore on.
Bhí na bradáin á gcaitheamh féin, the salmon were leaping.
Bhí sí á ~eamh féin air, she was throwing herself at him.
Bhí siad á ól ina chaláin, they were drinking it by the gallon.
Bhí siad á gcarnadh ag an stoirm, they were being tossed about by the storm.
Tá sé ~tha, á charnadh, ag an slaghdán, he is choked with a cold.
Ní á chasadh leat é, not that I blame you for it.
Á chásamh féin de lá agus d’oíche, bemoaning his lot day and night.
Tháinig na ~ta á fhiafraí, hundreds (of people) came to inquire about him.
Ag teacht eatarthu agus á gceansú, separating and pacifying them.
Tá sé á chéasadh ag pianta, he is racked with pains.
Á chéasadh féin le haithreachas, torturing himself with remorse.
Níl maith a bheith á cheilt, it is no good trying to keep it dark.
Níl sé á cheilt ar aon duine, he makes no secret of it.
Tá sé á chloí le tinneas, he is getting worn out with sickness.
Ní bheifí i bhfad á chló leis, it would not take long to get him used to it.
Éan á chluimhriú féin, a bird preening itself. (Of person)
Tá sé á chluimhriú féin, he is sprucing himself up.
Tá sí á cnaí le buairt, le breoiteacht, she is wearing away with sorrow, with sickness.
Á chocáil féin, cocking himself up.
Bhí na gardaí á g~, the guards were watching them.
Bhí sí á crá féin i ndiaidh a clainne, she was tormenting herself over the loss of her children.
Bhí sé á chriathrú leis an stoirm, he was being pierced through by the storm; he was being buffeted by the storm.
Rud a chur á dhéanamh, to arrange to get sth. done.
Ní á éileamh é! Not that I complain!
Is ~ mé á rá sin leat, I have been saying that to you this long time.
Tá sé á fháil leis anois, everything is going well with him now.
Níl ach ~ duit a bheith á chuardach, you are wasting your time looking for it.
Bhí sé á ní ~, he was washing himself.
Abair leis go raibh mé á fhiafraí, tell him I was asking for him.
Tá an fhéile i gcónaí á ~eadh acu, they are always prepared to be generous.
Bhí a bhfeidhm á bhfulaingt, they were sustained by their prowess.
Bhí siad ag ~áil á bhualadh, they were going to beat him.
Cá bhfuil an ~ á róstadh anocht? Where is the fun to be to-night?
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News