Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aithid · aithint · aithis · dithin · taithin
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
aithin1, v.t. (pres. -thníonn; vn. ~t f, gs. & pp. -theanta). 1. Know, recognize, identify. Duine, áit, ball, a ~t, to recognize a person, a place, an object. Iompar, siúl, glór, duine a ~t, to recognize s.o. by his carriage, walk, voice. Duine a ~t ar dhuine eile, as duine eile, to recognize s.o. by his resemblance to s.o. else. Aithním lorg a láimhe, I know his handwriting. Aithním gur múinteoir, gur Éireannach, é, I know him for a teacher, an Irishman. Aithním ar na daoine é, I know whom he resembles. D’aithneoinn a chraiceann ar tom, ar crann, I’d know him anywhere. 2. Acknowledge. Anois ní aithníonn sé na comharsana, now he doesn’t know his neighbours. Ní aithníonn fear an tsaibhris leath a ghaolta, the rich man does not acknowledge acquaintance with half his relatives. 3. Distinguish. Rud a ~t ó, thar, rud eile, to distinguish between one thing and another. ~t idir an dubh agus an bán, idir an mhaith agus an t-olc, to know black from white, right from wrong. Ní aithním na litreacha, na dathanna, I cannot discern the letters, the colours. Ní aithním eatarthu, I cannot distinguish between them. An clog a ~t, to be able to read the clock. Ní aithním an t-am, I cannot make out the time. 4. Perceive. D’~ sé go raibh fearg orm, he perceived I was angry. D’~ mé air go raibh sé tuirseach, I saw by him that he was tired. Níl sé le haithint air, he doesn’t show it. Is furasta a aithint (go), it is easy to see (that). D’~ mé (go raibh) an slaghdán ag teacht orm, I realized that I was getting a cold. Aithním i mo chnámha é, I feel it in my bones. Aithneoidh tú agat an béile, an buille, sin, you will feel the benefit of that meal, the effect of that blow. Níor ~ sé aige é, it had no effect on him; it was inadequate for his needs.
aithin2, v.t. (pres. -thníonn; vn. ~t f, gs. ~te, pp. -theanta). 1. Bid, command. ~t ar, de, dhuine rud a dhéanamh, to bid s.o. to do sth. 2. Lit: Commit, commend (do, to).
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
D’aithin mé cé a bhí agam, I recognized who was in my presence.
D’aithin mé é chomh luath ~ a chonaic mé é, I recognized him as soon as I saw him.
Labhair sé liom, amhail ~ dá mbeadh aithne aige orm, he spoke to me as if he knew me.
~ a chur, a fháil, ar dhuine, to become acquainted with s.o.
~ a chur ar an saol, ar an ól, to get to know (the ways of) the world, (the effects of) drink.
Tá ~ mhaith, na seacht n-~, agam air, I know him well, intimately.
Tá an ~ cheart anois agam air, now I really know him (his identity, nature).
Tá ~ shúl agam air, I know him to see.
Tá ~ chinn aige ar na caoirigh, he knows each individual sheep.
Níl ~ ná eolas agam air, I have no acquaintance with him, I know nothing about him.
An ~ chontráilte, mistaken identity.
Fear (atá) ar m’~, a man I know.
Is maith an ~ atá agat, you are quick to recognize people.
Tá ~ na tíre aige, (i) he knows everybody in the country, (ii) he is well-known throughout the country.
Daoine a chur in ~ dá chéile, to introduce people to each other.
Chuir siad ~ na mbó maol ar a chéile, they quarrelled on first acquaintance.
Tá sé ag dul as, ó, ~ (na ndaoine), he is changing beyond recognition.
Rud a chur as ~, to disguise sth., to spoil the appearance of sth.
Ní raibh ~ súl ná béil air, his features were unrecognizable, he was all bespattered (with mud, etc.).
Tá ~ do shúl leat, you have got what you fancied.
Níl ~ a bheart aige, he is incapable (on account of drink, etc.).
Gan ~ gan urlabhra, comatose; dead.
Má tá sé saibhir níl a ~ air, if he is rich he doesn’t look it.
Tá ~ bisigh air, he shows signs of improvement.
Níl ~ air nach leis féin an áit, he looks as if he owned the place.
Tá ~ saighdiúirí ag teacht orthu, they are beginning to look like soldiers.
~ a chur ar dhuine rud a dhéanamh, to bind, command, s.o. to do sth.
Aitheanta Dé agus na hEaglaise, the commandments of God and of the Church.
Is ~ atá sé, mar atá sé, nach n-aithním thú, the fact of the matter is that I do not recognize you.
Tá grá, gráin, aithne mhaith, air, he is loved, hated, well-known.
Aithním as a mhuintir, as a shiúl, é, I recognize him from his people, by his walk.
Tá sé as aithne, he is unrecognizable.
Tá ~ aithne agam air, I know him in a sort of a way.
Tá ~ aithne agam air, I think I know him.
Thug mé ~ aithne dó, I guessed his identity.
D’aigne ní aithním a bheag, I have no idea what is in your mind.
Tá aithne bhlasta agam air, I know him very well indeed.
Ag brú aithne orthu, scraping acquaintance with them.
D’aithin mé a chaint, I recognized his speech, voice.
Is fearr é ná ~ fear a bhfuil aithne agam orthu, he is better than many men I know.
Is é mo cheart aithne a bheith agam ort, I ought to recognize you.
Aithníonn ~ ~ eile, birds of a feather flock together.
D’aithin mé ar a choiscéim é, I recognized him by his walk.
~í (aithne, sóirt), identifying marks; description, appearance.
Aitheanta, rialacha, a chomhlíonadh, to keep commandments, rules.
Aithne a chur ar dhuine, to become acquainted with s.o.
~ a bheith agat ar dhuine, to have an agreeable acquaintanceship with s.o., to know and esteem s.o.
D’aithin mé ar do dhealramh é, I recognised him by his resemblance to you.
Dheamhan aithne air (go), one would never know by him (that).
Aithint idir an ~ agus an drochrud, to distinguish between what is good and what is bad.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News