Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cean · ceana · ceanán · ceann- · ceant
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ceann1, m. (gs. & npl. cinn, gpl. ~; npl. ~a & ds. cionn used in certain phrases).1. Head. (a)~ duine, ainmhí, human, animal, head. Do cheann a thógáil, a chromadh, to raise, bend, one’s head. Níl tógáil a chinn aige, he is utterly disgraced. Is mór an tógáil cinn dó é, it is a great uplift for him. Tá a cheann san aer, sa spéir, aige, he holds his head (high) in the air. Is gairid go mbuaile sé a cheann ar an spéir, he is growing remarkably tall. Leag do cheann ar an adhairt, lay your head on the pillow. Tá ~ faoi, ~ síos, air, he is downcast, ashamed. ~ faoi a chur ar dhuine, to humiliate s.o. Tá a cheann leis, he is free. Lig a cheann leis, let him go free. Tá a cheann is a chosa leis, he is unrestrained; he comes and goes as he pleases. Scaoil a cheann leis; lig ~ scaoilte leis, give him free rein. Tabhair a cheann don chapall, give the horse his head. Thug sé a cheann don chú, he slipped the greyhound. Thug sé a cheann leis, he saved himself, survived, escaped. S.a. cead11. ~ ar aghaidh, (i) headlong, (ii) on purpose. I ndiaidh, ar lorg, do chinn, head foremost. Ar bhior, ar mhullach, a chinn, on top of his head. Caitheadh isteach é idir cheann is chosa, he was thrown bodily in. Chomh cinnte is atá ~ ar do mhuineál, as sure as you are alive. Mura fíor é bain an ~ díomsa, you may take it from me that it is true. Chuir sé an flagún ar a cheann, he raised the flagon to his lips. Bain tarraingt do chinn as, take a good draught of it. ~ gruaige, head of hair. ~ bán, dubh, rua, liath, cas, (gruaige), fair, dark, red, grey, curly, head (of hair). Do cheann a chíoradh, a bhearradh, to comb, cut, one’s hair. (Of measurement) Tá an ~ aige orm, he is taller than me by a head. (Of coin) ~ nó cláirseach, head or harp, heads or tails, Cu:~ caorach, muice, sheep’s, pig’s, head. Ven:~ sionnaigh, mask. Arch:~ púca, gargoyle. S.a. ard12, cúl11(b), guth 1(a), mála 1(a), tochas 2. (b) (In reference to mind, intellect) Tá ~ maith air, (i) he has a good head, is clever, (ii) he is able to keep his head. Tá ~ fada air, he is far-seeing. Rinne sé (amach) as a cheann (féin) é, he did it out of his own head. Is fearr dhá chloigeann ná ~, (often facetiously) two heads are better than one. Beir ar cheann ort féin! Be sensible! Thug tú i mo cheann é, you reminded me of it. Tháinig sé i mo cheann, it occurred to me. Thóg sé (isteach) ina cheann é, he took it into his head, took the notion. Má chuireann sé ina cheann é, if he sets himself to it. Chuaigh sé ina cheann dó, sa cheann aige, (of drink) it went to his head; (of flattery, etc.) it turned his head. Ná lig as do cheann é, don’t let it out of your mind. D’imigh sé as mo cheann, it slipped my memory. Chaith mé as mo cheann é, I put it out of my head. Tá sé trí mo cheann, I am confused about it, I can’t recollect it. Tá sé ramhar sa cheann, he is thick-skulled. A ghiolla an chinn mhóir! You fat-head! ~ mór na céille bige, great head, little wit. ~ cipín, maide, máilléid, blockhead. ~ leitean, práisce, pudding-head. (c)(Of person)~ teaghlaigh, head of household. ~ airm, army commander. ~ foirne, chief-of-staff. ~ roinne, head of department. ~ comhairle, leader in council; Parl: Speaker. ~ treora, chief guide. ~ coimirce, chief protector. ~ ócáide, instigator. ~ maith mná, páistí, good husband, father. Tá sé ina cheann maith dóibh, he provides well for them, he is good to them. Pobal gan cheann, a people without a leader. S.a. feadhain, fine 2(a), urra 4(a).(d) (Of objects) ~ tairne, bioráin, head of nail, of pin. ~ casúir, tuairgnín, head of hammer, of pounder. ~ céachta, head of plough. ~ spúnóige, píopa, bowl of spoon, of pipe. ~ saighde, sleá, head of arrow, of spear. ~ scine, blade of knife. (e) (Of top) ~ staighre, mala, head of stairs, of incline. ~ boird, leapa, head of table, of bed. ~ abhann, locha, head of river, of lake. ~ ranga, head of class. Cards:Cad tá ar ~? What’s trumps? S.a. cárta11, cloch11(e).(f) Roof. ~ a chur ar theach, to roof a house. ~ slinne, tuí, slated, thatched, roof. Teach ceann tuí, thatched house. Tá sé sa cheann orm, he is down on me. (g) Front. ~ tionóil, sochraide, head of gathering, of funeral procession. ~ báid, bows of boat. Cábán cinn, forward cabin. Seol cinn, jib. Crann cinn, bowsprit. Cuir a ~ sa ghaoth, head her into the wind. Thug sé ~ chuige í, he hove to. Tá an bád ~ chuige, the boat is lying to. Gaoth chinn, head wind. An fear cinn, the bow(-oarsman). Giolla cinn eich, boy who leads a horse. (h)Dul chun cinn, advance, progress. Tá dul chun cinn ann, he is progressive. Chuir sé é féin chun cinn, he advanced himself. Ag brú chun cinn, pushing ahead. Tá siad (i bhfad) chun cinn orainn, they are (far) ahead of us. Is doiligh iad a thabhairt chun cinn, it is hard to bring them on. (Of abscess, crisis, etc.) Ag teacht chun cinn, coming to a head. (i)~ a thógáil do rud, to take notice of sth. Ná tóg ~ ar bith dó, pay no attention to him. Thóg siad ~corr dó, they taunted him, treated him as odd. Thóg sé ~ confach dúinn, he adopted a hostile attitude towards us. Thóg an eitinn ~ dó, he was attacked by tuberculosis. Thóg an gortú ~ arís dó, the hurt came against him again. (j)~ cait, long-eared owl. Moll:~ cosach, argonaut. Bot:~a dubha, knap-weed. Algae:~a slat, oarweed (Laminaria cloustoni). Ich:~ crua, blenny. S.a. craigirlín, cruachán 3. 2. End, extremity (a)~ téide, sreinge, end of rope, of wire. An ~ ramhar, caol, the thick, thin, end. Ar an g~ caol, is lú de, at the minimum, the very least. S.a. caol29. Ar an g~ amuigh de, at the very outside. Ar an g~ is faide, is sia, at the longest, latest. An ~ uachtarach, íochtarach, the upper, lower, end. An ~ ceart, contráilte, de rud, the right, wrong, end of sth. ~ an bhóthair, na sráide, the terminal point of the road, of the street. ~ na cistine, the end of the kitchen opposite the fire-place. Cinn fhearainn = cinnfhearann. Ó cheann (go) ~ na tíre, from one end of the country to the other. ~ tíre, headland, promontory. ~ cúrsa, scríbe, journey’s end. S.a. rian11, sprioc14. (Of person) Bhí a dhá cheann i dtalamh, he was bent low over his work, drudging. Bhí ~ síos, ~ suas, air, he was suffering from diarrhoea, from vomiting. S.a. goile 1. (b)~ géige, extremity of limb; tip of branch. ~ láimhe, hand (from wrist) ~ coise, foot (from ankle). ~ crúibe, pastern. (c) (Of time) Idir dhá cheann an lae, from morning till night. ~ de lá, once a day. Oíche chinn, cheann, féile, eve of festival. Lá cinn bhliana, last day of year. Oíche chinn an dá lá dhéag, Twelfth-night, eve of Epiphany. (d) (Figurative) An ~ a bhaint de scéal, to begin a story; to broach a subject. Bhain sé an ~ den chomhrá, he introduced the conversation. ~ a chur ar scéal, to conclude a story; to close a subject. ~ a chur ar an bPhaidrín, to start the Rosary. Tá dhá cheann ar an scéal, there are two sides to the story. Tar sa cheann seo de, consider it from this angle. Is mian leis dhá cheann an mhargaidh a bheith aige, he wants to have matters all his own way. Fuair sé an ~ is fearr orm, he gained the advantage over me. S.a. beim23, meá12. 3. One. (a) (Of things, animals) ~ amháin, aon cheann amháin (de na rudaí), one (of the things). ~ acu, one of them. Dá cheann eallaigh, two head of cattle. Aon cheann, ~ ar bith, acu, any one of them. An chéad cheann, the first one. An ~ seo, this one. An ~ mór, the big one. Mo cheann féin, my own (one). Do rogha ~, whichever one you choose. ~ sa lá, one a day. Punt an ~, a pound each. Má tá aon cheann agat, if you have any. Níl aon cheann le fáil, there are none to be had. ~ ar cheann, de réir ~ is ~, ina g~ is ina g~, one by one. Na catha ~ i g~, the successive battles. (b)(Var. pl)~a, some, a few. An bhfuil mórán acu ann? ~a. Are there many of them? Some. Níl fágtha ach ~a, there are only a few left. (c) (Usually disparagingly of persons) ~ mar é, one like him. An ~ dubh, the dark one. Nach é an ~ é! Isn’t he the queer one! Tá sé os cionn cinn, he thinks he is something. ~ a dhéanamh díot féin, to make a show of oneself.
ceann2 = cion1,2.
ceann-3, pref. 1. Chief, main. 2. -headed.
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Ní dhearna sé ~ a cheann a chromadh, all he did was to bow his head.
Chuir sí a ceann in ~ an anró, she made an unfortunate marriage.
Tá tinneas cinn orm agaibh, you give me a headache.
Agus cúpla ceann eile mar ~, and a few more added for good measure.
I gceann na haimsire, in due course.
~ béil, cinn, mental arithmetic.
Tá ~ cinn san fhear sin, that man is clever.
~ cinn, head-money.
Ar ~ tú an ceann seo? Did you count, include, this one?
Tá ~ chinn aige ar na caoirigh, he knows each individual sheep.
~ an chinn chrúibe, pastern-joint.
Ach ~ an ceann seo, except this one.
I gceann na míosa, at the end of, after, a month.
Pingin an ceann, a penny each.
Tá a cheann ~ aige, he has his head up (above ground, water).
~ go ceann bliana, for a year from now.
Chuir sí ciarsúr ~ ar a ceann, she covered her head with a handkerchief.
Ar an urlár, ar mo cheann, on the floor, on my head.
Ar cheann na sochraide, at the head of the funeral procession.
Ar scilling an ceann, at a shilling each.
Ceann ar cheann, céim ar chéim, one by one, step by step.
Tá ceann, cosa, air, it has a head, legs.
Bhí tinneas cinn, an slaghdán, orm, I had a headache, a cold.
Ceann ar ~, (i) headlong, (ii) on purpose.
Ar cheann na bhfear, an cholúin, leading the men, the column.
Ar cheann téide, at the end of a rope.
Na daoine ar ár g~, the people in front of us.
An rud atá ar mo cheann, what is in store for me.
Ullamh ar do cheann, ready for you, for your coming.
Ar cheann oíche, against the coming of night.
Am an chuntais ar cheann an bháis, the accounting time before death.
Tháinig teachtaire chugam ar a cheann, a messenger came to me for it.
Is minic a bhíos ceann óg gan ~, young people can be insensitive at times.
In ~ a chinn, a ghutha, at the top of his voice.
Chomh h~ is a bhí ina cheann, at the top of his voice.
I gceann ~, after a while.
Rudaí a bhailiú le chéile, i gceann a chéile, to gather things together.
Ó bhaithis (an chinn) go bonn (na coise), from head to foot, all over.
Fuair mé ceann de bharraíocht ort, I got one more than you.
An ceann ~, the little, the lesser, one.
D’imigh sé i m~ a chinn, he went off not knowing where he was going.
Idir dhá cheann na ~e, in the balance.
Cá mhéad ceann ann? ~. How many (things) are there? Two.
3. ~ cinn, headband.
Ceann ar ~, wayward child.
Tóg ceann ar ~ acu, take any one of them.
2. ~ an chinn, an chloiginn, skull, cranium.
Thógfadh sé ~ an chinn díot, it would lift the head off you.
Do cheann, do mhéar, a bhogadh, to move one’s head, finger.
Tá mo cheann ina bholgán béice agaibh, you have me fuddled with your chatter.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News