Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: chan · chin · chub · chum · chunk
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
chun, prep. (Pron. forms: chugam, chugat, chuige m, chuici f, chugainn, chugaibh, chucu) (Followed by genitive) 1. To, towards. (a) Dul ~ an aonaigh, na cathrach, na gcruinnithe, to go to the fair, to the city, to the meetings. An bealach ~ na scoile, the way to school. Teacht ~ an tsaoil, to come into the world. Duine a chur ~ báis, to put s.o. to death. Cur ~ farraige, to put to sea. Suí ~ boird, to sit down to table. Dul ~ olcais, breoiteachta, dearmaid, to go to the bad, to get into bad health, to be forgotten. Dul ~ sochair do dhuine, to benefit s.o. Éirí ~ a chéile, to rise up against each other. Teacht ~ céille, to come to the use of reason. Seoladh ~ na gaoithe, (of boat) to sail close to the wind. Tá sé ~ an dorais chugainn, he is approaching our door. Dá mbeadh sé ~ mo láimhe agam, if I had it close to my hand. Níl sé ~ mo thola, it is not to my liking. Bhí sé ceathach ~ an tsléibhe, it was showery towards the mountain. (b) Tháinig sé chugam, he came to me. Chonaic mé chugam é, I saw him coming towards me. Tarraing chugat iad, pull them towards you. Gabh chugat an scian, take (hold of) the knife. Lig chugat an scéal, pay attention to the story. Cuir chuige an bainne, pass the milk to him. Cuirigí chugaibh an bia, help yourselves to the food. Níor chuir tú chuige i gceart, you did not go the right way about it. Má tá an fonn ort chuige, if you feel that way inclined. Ná tóg an focal sin chugat, don’t take that expression as referring to you. Ní chugat atá mé, I am not referring to you. Seo chugainn é! Here he comes! Seo chuige! Here goes! Chuige, a fheara! Go to it, men! Chugat! Chugaibh! Chugainn! look out! Chugat an tarbh! Look out! The bull is coming at you. Chugat leat! Chugaibh libh! Be off with you! Chugat as mo bhealach! Get out of my way! Chugainn amach as seo! Let us get out of here! Chugam aniar thú! Bravo! S.a. beir 6(b), ceann1 1(g). (c) Tháinig mé chugam féin, I came to, recovered. Thug sin chuige féin é, that brought him to, to his senses. Tá sí chuici féin arís, she is her old self again. (d) Cuir chugat is uait é, let it in and out. Bíonn sé chugainn is uainn, he is in and out to us; he comes and goes. Níor chuir mé chucu ná uathu, I said nothing to, did not meddle with, them. Gan pingin chuige ná uaidh, not a penny more or less. (e) (Of time) Ceathrú ~ a sé, a quarter to six. Tá sé ~ a trí (a chlog), it is going on three (o’clock). Bliain ~ na Bealtaine, a year come May. Beidh sé déanta ~ an tSathairn, it will be done by Saturday. An bhliain seo chugainn, next year. An t-earrach a bhí chugainn, the following spring. (f) Tá an bád ~ ancaire, the boat is at anchor. 2. For. (a) Réidh ~ gearrtha, ready for cutting. Ag ullmhú ~ a bpósta, preparing for their marriage. Acra maith ~ oibre, a good working implement. An-fhear ~ cainte, a great man for chat. ~ glóire Dé, for the glory of God. ~ na mbocht, for the poor. Chuige sin, to that end. (b) Cad chuige? Why? Cad chuige sin? Why that? Why so? Cad chuige ar imigh tú? Why did you go away? Cad chuige nach suíonn tú? Why don’t you sit down? Cad chuige a bhfuil sé díom? What does he want with me? 3. Fit for, suitable for. Lá ~ taistil, a suitable day for travelling. Coirce ~ bainte, oats fit for reaping. Níl mé ~ oibre fós, I am not fit, ready, for work yet. Bhí an aimsir chuige, the weather was suitable for it. 4. At. Cliste ~ na hoibre, clever at the work. Maith ~ cluichí (a imirt), good at (playing) games. 5. In order to. ~ rud a dhéanamh, in order to do sth. ~ iad a dhíbirt, in order to banish them. ~an fhírinne, na fírinne, a rá, to tell the truth. ~ go bhfeicfinn iad, so that I might see them. ~ nach mbrisfear iad, so that they will not get broken. 6. Until. ~ gur ghlaoigh an coileach, until the cock crew. 7. Rachadh cuid mhór acu ~ tonna, it would take a lot of them to make a ton. (Var: chuin, chum)
RELATED MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Ag ~t ar Dhia, chun Dé, beseeching God.
Lig ~ na tine chugainn, let us get the heat of the fire (unobstructed).
Tá sí ~ chun comóraidh, she is of marriageable age.
An rud atá i m’~ chugat, my intentions towards you.
Níor mhór duit ~ láidir a bheith agat chun féachaint air, one would need a strong stomach to look at it.
Bromach a thabhairt chun ~, to give a colt a bad habit.
Dul in ~, chun ainsil, to become chronic.
~ chun eolais, thirst for knowledge.
~ duit! ~ chugat! Look out!
Airím chugam féin, I feel all right.
Dul chun na haltóra, to attend at the altar, to receive communion.
Abair ~ dúinn, scaoil ~ chugainn, give us a song.
Ag dul chun anaitis le chéile, getting peeved, angry, with each other.
Tá an lá ag dul chun anaitis, the day is getting bad, becoming disagreeable.
Mura dté sé chun ~a téarnóidh sé, unless his condition deteriorates he will recover.
Druid ~ chun na tine, come close in to the fire.
Chugam ~ tú! Bravo!
Gabh ~ chuige, go over to him.
Tá an teach ag dul chun ~, the house is getting weather-beaten, falling into disrepair.
Ag dul chun ~ agus chun ainreachta, going to rack and ruin.
Lig ~ an téad chugam, lower the rope to me.
Dé hA~ seo chugainn, seo a chuaigh thart, next, last, Friday.
Ag éirí chun aonachais, becoming infuriated.
Tháinig teachtaire chugam ar a cheann, a messenger came to me for it.
D’~ sé leis, chun siúil, í, he carried her off; he eloped with her.
Tá sé chuige féin ~, he has recovered; he is back to normal.
Bhí sé ag ~t leis chun an aonaigh, he was driving cattle, on his way (with cattle), to the fair.
Níor tháinig sé chun ~ chugat, duit (a leithéid sin a rá, a dhéanamh), you had no right (to say, do, a thing like that).
Dul chun an bhaile, to go home.
~ chugat a bhfaighidh tú, accumulate all you can get.
Is iontach an ’~ chugam’ é, he is forever on the forage.
Bhain sé chun reatha, he started to run.
~ chugat! Get going! Be off!
An tír ag dul i m~, chun ~, the country becoming waste, depopulated.
Dul chun baiste le leanbh, to stand sponsor to a child.
Is maith chun a chéile, is cosúil le chéile, an ~ séire is an giolla, like master like man.
Glaodh chun an bharra air, he was called to the bar.
Duine a dhaoradh, a theilgean, a chur, chun báis, to condemn, sentence, put, s.o. to death.
Tháinig sé chun an bhéil chugam (a rá leis), it occurred to me (to say to him).
Labhair mé mar a tháinig chun an bhéil chugam, I spoke at random.
Ag teacht chun béil, getting a proper edge on, getting into proper working order.
Beidh mé chugat ar ~ maidine, I will come to you first thing tomorrow morning.
Litir, teachtaire, a chur chun bealaigh, to dispatch a letter, a messenger.
Cuireadh chun bealaigh, chun an bhealaigh mhóir, é, he was sent off, sacked.
Tabhair mo bheannacht dó, cuir mo bheannacht chuige, give him my kind regards.
Bheannaigh sé isteach chugainn, he called in to us, to greet us.
Do bheatha agus do shláinte; ~ agus sláinte chugat, (long) life and (good) health to you.
Shílfeá go raibh a bheatha ag teacht ó neamh chuige, one would think by him that he had no need to earn his living.
~ mo bheannacht chucu, give them my regards.
~ a thuairisc chugainn, bring us tidings of him.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News