Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: deileadh · eireadh · feireadh · geireadh · peireadh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
deireadh could be a grammatical form of: abair »
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
deireadh1, m. (gs. -ridh, pl. -rí). 1. End. (a) Conclusion, termination. ~ scéil, leabhair, aistir, the end of a story, of a book, of a journey. ~ a chur ar scéal, to end, provide an ending for, a story. Cad é an ~ atá air? How does it end? Siar go ~, all the way to the end. ~ a chur le rud, to end, finish, sth.; to put an end, a stop, to sth. Chuaigh, tháinig, ~ leis, it came to an end. Tá ~ leis anois, it is finished, done with, now. Tá ~ lena chuid damhsa, his dancing days are over. Tá ~ aige leis an ól, he will drink no more. Tá ~ agat lena chabhair, you will get no more help from him. Níl ~ againn leis na bithiúnaigh sin go fóill, we haven’t rid ourselves of those scoundrels yet. Níl ~ go deo leis, it is never-ending. Ní bheidh ~ go deo leis seo, we’ll never reach, hear, the end of this. Cuirfidh tú ~ leat féin, you will finish, destroy, yourself. Shíl mé go raibh ~ liom, I thought it was all up with me. Ó thús go ~, from beginning to end. Níl tús ná ~ air, (i) it is in a state of chaos, (ii) he is all confused, can do nothing right. Níl pingin ar a thús ná ar a dheireadh, he hasn’t a penny from any source, in the world. S.a. báire11, dáil12. (b) Limit, extremity. ~ líne, ranga, the end of a line, of a class. Seo ~ na dtithe, the houses end here. Téigh ina dheireadh seo liom, take the other end of this. Tá sé i n~ a nirt, a acmhainne, he has reached the end of his strength, of his resources. Bhí sé i n~ na déithe, he was at his last gasp, completely exhausted. Rith sé i n~ an anama, he ran for dear life. (c) Latter, remaining, part. ~ an lae, na hoíche, the end, the latter part, of the day, of the night. ~ na Nollag, the last days of Christmas. D~ Fómhair, October. ~ gealaí, last phase of moon. I n~ a shaoil (is a laethanta), at the end of his days. Sin ~ an aráin, that is all that is left of the bread. I n~ na bliana a rugadh thú, you are always late. (d) Ultimate state. ~ gáire gol, laughter brings tears. Toit a dheireadh, it ends up in smoke. Is í an uaigh ár n~, we come to the grave at last. Is é an ~ a bhí air (go), the upshot of it was (that). Sin an ~ a bheas air, it will come to that eventually. Troid a tháinig as a dheireadh, it ended up in a fight. Mol a dheireadh, you may judge it from the result. (e) (Denoting totality) Tá ~ déanta, everything is done. Nuair a bhí ~ ráite aige, when he had finished speaking. Má tá ~ ite agaibh, if you have finished eating. Má tá a n~ amuigh, if the last of them is out. Tá ~ eolais aige air, he knows all about it. D’inis sé ~, he told everything. Is é tús agus ~ mo scéil (go), the whole import of my story is (that). 2. (Of position, time) (a) Last. Bheith ar ~, to be last. Faoi dheireadh, at last. Faoi dheireadh, ar ~, thiar (thall); faoi dheireadh is faoi dheoidh, at long last. Tháinig sé faoi dheireadh, he came at last. Cá bhfaca tú é faoi dheireadh? Where did you see him eventually? As a dheireadh, eventually, at the heel of the hunt. An ball, an meall, is mó ar ~, last but not least. (b) Rear; arrears. Ar dheireadh na sochraide, taking up the rear of the funeral procession. An ceann is faide chun deiridh, the one farthest back. D’fhág mé an ~ air, I outdistanced him. Ar ~, (i) left behind; behindhand, (ii) at death’s door. Bheith ar ~, chun deiridh, faoi dheireadh, le rud, to be behindhand with sth. Níl tú ar ~, you are not doing too badly. Duine a chur chun deiridh, to set s.o. back. Dul chun deiridh, to fall behind, to fail. Rud a ligean chun deiridh, to let sth. into arrears, to neglect sth. El:Sruth chun deiridh, lagging current. (c)An lá, an oíche, faoi dheireadh, the other day, night. 3. (a)Nau: Stern. ~báid, loinge, stern of boat, of ship. (Thiar) sa ~, (back) aft. Ar lorg a deiridh, sternways. Bád a cheangal as a ~, to make fast a boat astern. Chun deiridh ar, aft of. (b)Veh: Back. (c)Anat: Posterior. 4. Gram: Ending, termination. 5. (gs. as attrib.a.)Cábán deiridh, after-cabin. Clár deiridh, tail-board. Cosa deiridh, hind legs. Crann, seol, deiridh, mizzen-mast, -sail. Rámh, tile, deiridh, stern-oar, -sheet. Roth, suíochán, deiridh, back-wheel, -seat. Solas deiridh, tail-light; stern-light. An fear deiridh, the last man, the man in the rear. Mth:Cóimheas deiridh, ultimate ratio. Com:Iontrálacha, stoc, deiridh, closing entries, stock. Cuntas, iarmhéid deiridh, final account, balance. S.a. ceathrú12(b), leath11.
deireadh2, 3 sg. p. hab. of abair1.
RELATED MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
I ndeireadh a ~e, at the end of his resources.
Cá bhfuil an deireadh aige? Where does it end?
I ndeireadh, in earr, a ~e, at the end of his days.
Bhí deireadh tubaisteach ar an scéal, the story had a tragic ending.
~ an áil, ~ an bhalláin deiridh, the weakling of a litter, of a family.
I ndeireadh ~, at length, when all was over.
I ndeireadh na m~, finally.
Tá deireadh lena bhuairt, his troubles are over.
An ~ tosaigh, láir, deiridh, the bow-oar, the mid-oar, the stroke.
~ é an deireadh a bhí air? What was the end of it?
Chomh ~ le hadharc reithe, le cam lúbáin, le cos (deiridh) an mhadra, as crooked as a ram’s horn, as a pot-hook, as a dog’s (hind) leg;
~ tosaigh, deiridh, fore-, hind-, quarter.
~ deiridh, tail-board.
~ tosaigh, deiridh, front, hind, leg.
~ mór, tosaigh, deiridh, mainmast, foremast, mizzen-mast.
Is é ~ agus deireadh an scéil, na mbeart, (go), the upshot of the whole matter is (that).
Tús, deireadh, a chur le rud, to begin, end, sth.
As deireadh na ~e, finally, in the heel of the hunt.
Seo deireadh ár g~, so we come to journey’s end.
I ndeireadh na dála, when all is said and done.
Folamh ár n~ faoi dheireadh, we will be reduced to nothing in the end.
Bheith ar an ~ deiridh, sa ~ dheireanach, i ndeireadh na ~ithe, to be at one’s last gasp.
Faoi dheireadh is faoi dhéanach, at long last.
Faoi dheireadh is faoi dhéanaí, at long last.
Faoi dheireadh agus faoi dheireanaí, at long last.
Níl deireadh go ~ leis, it is never-ending.
Gach ~ go deireadh, blood is thicker than water.
Go lá dheireadh an domhain, till the end of time.
Bhain mé deireadh ~e de, I gave up all hope of it.
Táimid in ~ an iomaire deiridh, we have made a start on the last ridge.
Tá suim eile ag éirí duit ag deireadh na bliana, another sum falls due to you at the end of the year.
Tá sé ina ~ faoi dheireadh, he is silent at last.
3. ~ ar deireadh, leave to the last; pass over; outdistance.
~adh ar deireadh sa rás é, he was left trailing in the race.
~adh na malluairigh ar deireadh, the late-comers had to do with what was left.
~ an stocaire ar deireadh, leave the intruder to the last.
Níor fhág sé é féin ar deireadh, he made sure to look after himself.
~ dheireadh, at last.
Bheith i ndeireadh na feide, to be at the last gasp.
Chuaigh sé i bh~ air sa deireadh, it finally dawned on him.
An ~ deiridh, the last word.
~ tús ~ deireadh, without beginning or end, in utter confusion.
Gur briseadh faoi dheireadh ar na geasa, until at last the spells were broken.
Is baol gur ~ a dheireadh, I am afraid it will end in recriminations.
Ar a ingne deiridh, (of animal) rearing, rampant.
Bhí siad ar a n-ingne deiridh chugam, they were mad with me.
Ar a ingne deiridh ag iarraidh é a dhéanamh, trying his utmost to do it.
An ~ faoi dheireadh, the other day.
Tús, deireadh, a chur le rud, to begin, to end, sth.
~ deiridh, back part; hind quarters.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News