Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ámar · ar · mair · maor · mara
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
mar could be a grammatical form of: ar »
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
mar, prep. & conj. & adv. 1. Prep. (Lenites) Like, as. (a) In the manner of. ~ mhaidin earraigh, like a morning in spring. ~ an ngrian ag éirí, like the sun rising. ~ an sneachta séidte, like driven snow. Daoine ~ iad, people like them, the likes of them. Ní fhaca mé aon duine riamh ~ é, I never saw anybody like him. Is ~ a chéile iad, they are alike, identical. ~ an gcéanna, likewise. (b) In the character, capacity, of. Lena fáil ~ bhean, to get her as a wife. Bhí sé ~ athair acu, he acted as a father to them. ~ chomhartha síochána, as a token of peace. ~ dhuine againn féin, as one of ourselves. Mise, ~ dhuine, I, for one. ~ shampla, for example. S.a. aon2I 2. (c) As, for. ~ thús ar an ócáid, to start off the occasion. ~ bharr ar an iomlán, to cap everything. ~ mhaithe leat féin, for your own sake. ~ gheall air sin, on that account. S.a. barr18, cad13, geall17. (d) Considering. ~ an gcéad uair a thug tú faoi, considering it is the first time you tried it. (e) In accordance with. Gach fear ~ a acmhainn, every man according to his means. (f) (With dem. pron.) Déan ~ seo é, do it like this. Tar ~ seo, come this way. Lá ~ seo, (on) a day like this; on such and such a day. ~ seo nó ~ siúd, this way or that way, one way or another. Ná labhair ~ sin, don’t speak like that. ~ sin is fearr é, it is better so. Míle nó ~ sin, a mile or so. ~ sin, is cosúil gur fíor é, in that case, it appears to be true. Gur ~ sin duit! It serves you right! ~ sin féin, even so. ~ sin de, therefore. Agus ~ sin de, and so forth. Más ~ sin dó, if that be so. (g) (With noun in apposition) Tá sí fealltach, ~ fharraige, it is treacherous, (is) the sea. Bhí sé glic, ~ shionnach, he was cunning, this fox. Tháinig sé, ~ Bhrian, he came, Brian did. 2. Conj. (a) As. Déan ~ is ceart é, do it properly. Níl sé ~ is cóir, it is not as it should be. Dá mbeadh an tír ~ ba mhaith linn í, if the country were as we would like it to be. Sin ~ is fearr é, it is better so. ~ atá an scéal, as the matter stands. ~ a rinneadh go minic, as was often done. ~ a luaigh tú féin, as you yourself mentioned. ~ a déarfá, as you might say. (b)Faoi ~, according as. Faoi ~ atáimid ag dul ar aghaidh, at the rate at which we are progressing. (c) How. Is deas ~ a dúirt sé é, he said it nicely. Nach tubaisteach ~ a tharla sé? Isn’t it tragic how it happened? (d) As if. ~ a chuirfí scian ann, as if he had been stuck with a knife. D’éirigh sé ~ a bheadh éan ann, he rose like a bird. Bhí sé ~ a bheadh an lá geal ann, it was like broad daylight. Rith sé ~ a bheadh an diabhal ann, he ran like the devil. (e)~, ~ go, because. ~ tá, ~ go bhfuil, cúis leis, because there is a reason for it. ~ nach raibh an t-ádh linn, because we were not in luck. ~ gurb é is údar leis, because he brought it about. (f) For. ~ dá mbeinn ann, for if I had been there. ~ dá dtitfidís, for if they were to fall. (g)~atá, ~ a bhí, namely. Tá beirt acu ann, ~ atá Niall agus Conn, there are two of them, namely, Niall and Conn. ~ atá, bás duine, namely, the death of a human being. 3. ~ le, as for, as regards. ~ liomsa de, as far as I am concerned. ~ leis sin de, as for that. Is breá an aimsir í, ~ le geimhreadh, it is fine weather, considering it is winter. 4. Adv. (a)(With dependent form of vb.) Where. ~ a bhfuil sé, where he is. ~ ar chuir tú iad, where you put them. ~ ar mhinic mo chuairt, where I often visited. (b)Lit: When. Gus an uair ~ éirigh Críost, to the hour when Christ arose. (c) (In adv. phrase) ~ dhea, forsooth. Cara, ~ dhea! Friend, indeed! Ag moladh liom, ~ dhea, pretending to agree with me. (d) (In adv. phrase) ~ dhia go, pretending that. Mar dhia go raibh deifir air, letting on that he was in a hurry. (Expressing incredulity) ~ dhia nach bhfaca tú é! Don’t tell me you didn’t see him! ~ dhia nach dtiocfaidh sé? Is it possible that he won’t come?
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Mar a déarfá, as you might say, so to speak.
Mar a bheadh Dia á rá leis, as if God ordained it, as if his life depended on it.
Mar a dúirt Seán leis an asal, as Seán said about the donkey.
~ is mar sin a tharla, but that is how it happened.
Cuirim mar ~ ort, I entreat you.
Tabhair d’~ mar seo, face this way.
Agus cúpla ceann eile mar ~, and a few more added for good measure.
Láidir ~ mar atá sé, strong as he is.
Mar is ~ leat, as you wish.
Tugadh Brian mar ~ air, he was named Brian.
Duine a áireamh mar chara, to reckon s.o. as a friend.
Is ~ atá sé, mar atá sé, nach n-aithním thú, the fact of the matter is that I do not recognize you.
Ná bíodh do chos ~ agat mar sin, don’t have your foot stuck out like that.
Mar mhaithe le d’~, for the sake of your soul.
Cuirfidh tú ~ ort féin ag casadh do bhéil mar sin, you will distort your face grimacing like that.
Mar a luamar ~, as we have mentioned above, already.
Níl ~ mar sin aige, he is not as old as that.
Mar ~ le, in addition to.
Mar nach bhfuil ~ bháid againn, because we have no boats, are without boats.
Mar a deir an duine ~, as the old saying goes.
Mol an t-~ mar a gheobhair, judge things as you find them.
Ghreamaigh sé dom mar a bheadh ~ ann, he stuck to me like a leech.
Mar bharr ar an ádh, ar an mí-ádh, as luck, ill-luck, would have it.
Mar bharr ar an donas, ar an tubaiste, as a crowning misfortune.
Ní lú ná mar a d’iarr sé orm é, much less did he ask me for it.
Is ~ a shíl mé go n-imeofá mar sin, I never thought you would go off like that.
Labhair mé mar a tháinig chun an bhéil chugam, I spoke at random.
Caith, imir, do bhearta mar is cóir, play your cards properly; play the game.
Is dona mar a chaith mé mo bheart ina measc, I got on very badly with them.
De réir mar a bhí beartaithe, according to plan.
Mar ba bhéas dó, leis, as was his wont.
Do bheatha a chaitheamh mar is cóir, to lead a proper life.
Rug siad as an oíche mar sin, in that way they passed the night.
Mar a bheadh éan ann, like a bird.
Conas taoi? Cén chaoi a bhfuil tú? Cad é mar tá tú? How are you?
Mar atá, mar a bhí, namely.
Tá port breá eile aige, mar atá an Chúileann, he has another fine tune, namely, the Coolin.
Bhí dhá chú aige, mar a bhí Bran agus Sceolaing, he had two hounds, namely, Bran and Sceolaing.
Cá bhfuil mar? How?
Cá bhfuil mar a rachainn? How could I go?
Ag ~adh is ag at mar a bheadh cat i mála, working oneself into a frenzy of exasperation.
Mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, suddenly, instantly.
Ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chonlú, ‘don’t spread your cloak farther than you can fold it’; cut your coat according to your cloth.
Mar is ~ leat féin, just as you wish.
~adh an mhí amach mar sin, the month was spent in that way.
Is ~ (mar) a rinne sé é, he acted foully, it was a mean thing for him to do.
Sa bhreis, mar bhreis, ar a thuarastal, in addition to his salary.
Agus punt mar bhreis, and a pound to boot.
Ná bígí ag brú a chéile mar sin, don’t push, crowd, each other like that.
Bhí ~ thoinne uirthi mar nach bhfaca sí an litir, she was seething, envious, because she did not see the letter.
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Mí na Bealtaine ~ na bliana, (the weather in) the month of May makes or mars the (crops of the) year.
~ a chur ar rud, to mar the appearance of sth.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News