Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: sail · sáil · scil · séil · sil
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
súil, f. (gs. & npl. ~e, gpl. súl).Eye. 1. ~e gorma, glasa, blue, grey, eyes. Tá ~e donna aici, she has brown eyes. D’fhág mé ~ dhubh aige, I gave him a black eye. ~ ghéar, ghrinn, sharp, keen, eye. ~ fhiata, stern look. Ní thabharfaidh sé ~ ghruama ort, he won’t reprove you even by a look. ~ chiorraithe, ~ mhillte, evil eye; baleful look. ~ teaspaigh, leer. Tá ~e cait aige, he has eyes like a cat, can see in the dark. ~ a thabhairt ar rud, to take a look at sth. Tabhair ~ thart ar an áit, take a look around the place. Caith do shúil thairis, cast an eye over it. ~ a leagan ar rud, to set an eye on sth. Coinnigh ~ orthu, keep an eye on them. ~ a thógáil le rud, to take notice of sth. Níor thóg sé ~ liom, he ignored my presence. Amharc idir an dá shúil ar dhuine, to look s.o. straight in the eye. Bhuail mé idir an dá shúil é, I struck him between the eyes. Os comhair mo dhá shúl, before my very eyes. Bhí a dhá shúil sáite ionam, he was staring fixedly at me. Ná cuir do dhá shúil tríom, don’t give me such a piercing look. Lán do shúl a bhaint as rud, to stare wide-eyed at sth.; to take a good look at sth. Bhí sí ina lán súl ag gach aon, she was the cynosure of every eye. Cuid súl é, it catches the eye. Bíodh do shúil amuigh agat, keep a good look-out. Rud a chur ar a shúile do dhuine, to make s.o. aware of sth. Rinne sé mo shúile dom, it opened my eyes for me. Déanadh sin do shúile duit, let that be an eye-opener for you. Chonaic mé é le mo shúile cinn; mo dhá shúil a chonaic é, I saw it with my own two eyes. Tá ~e i gcúl a chinn aige, he has eyes in the back of his head, nothing escapes him. Nach bhfuil ~e i do cheann? Can you not see for yourself? Cá raibh tú in aimsir na súl? Where are your eyes? Ar do shúile atá sé, you only imagine it. Bhí an ghrian ag baint na súl asam, I was dazzled by the sun. Tá mo shúile ag titim ar a chéile, I can’t keep my eyes open. Chuir tú mo shúil amach, you wiped my eye. S.a. aithne11, bior11, 2, caoch31, cipín 3, cuid 3(a), glasóg 2, gnó 2, iomrall 1, radharc 1, seachain 1. 2. Expectation, hope. (a)~ a bheith agat le rud, to expect sth. Tá rud éigin faoina shúil aige; tá a shúil ar rud éigin, he has an eye to sth. Tá ~ in airde aige, he has high expectations. Bíodh do shúil suas, keep your hopes up. Tá ~ abhaile leis, he is expected home. Chuir mé mo shúil de, I ceased to expect it. Ná bain do shúil de chabhair, don’t give up hope of getting help. ~ nár síleadh, an unexpected stroke of luck. Ná cuir do shúil thar do chuid, don’t be greedy; don’t expect too much. Ní raibh aon ~ agam (go), I never expected (that). Le ~, mar shúil, (is)go, hoping that. Tá ~ agam go bhfuil tú go maith, I hope you are well. Tá ~ as Dia agam (go), I hope to God (that). Prov:Bíonn ~ le muir ach ní bhíonn ~ le huaigh, all may return but the dead. S.a. aniar 2, cearrbhach, mian12. (b)(As vn.)Ag ~ le rud, expecting sth. Ag ~ le rud a dhéanamh, hoping to do sth. Ná bí ag ~ liom, don’t expect me. Is maith a bheith ag ~ leis, it is good to expect it. Ag ~ go, hoping that. 3. Something resembling or suggesting an eye. (a)~ ghloine, (i) glass eye, (ii) Nau: Bull’s-eye. Geol:~chait, cat’s-eye. ~ chirce, stone-bruise. Tex:~ éin, bird’s-eye weave. ~ an lae, sunrise. ~ leictreach, electric eye. ~e méithe, globules of fat in soup. F:~ na muice, ace of diamonds. ~ práta, eye of potato. Z:~ shimplí, ocellus. ~ sprice, bull’s-eye (of target). ~ teileascóip, eye-piece of telescope. (b) Opening, mouth. ~ áithe, draught-hole of kiln. ~ díge, mouth of drain. ~ droichid, archway of bridge. ~ mianaigh, opening of mine-shaft. ~ tobair, mouth of well. Na gloiní a líonadh amach thar an t~, to fill the glasses to overflowing. (c)~ ribe, snare (of thin cord or wire). ~ reatha, running noose. (d)~ méire, ordóige, centre of whorl of finger, of thumb. (e)I ~ na gaoithe, in the wind’s eye. Seoladh i ~ na gaoithe, to sail close to the wind. Coinnigh an bád i ~ na gaoithe, keep the boat close-hauled. Tá braon sa t~ aige, there is a shower coming. S.a. braon 1(b).(f)Bot:~e buí, corn marigold(s). F:Mí na súl buí, July. (g)Ní bhfuaireamar a shúil aréir, we didn’t catch a single fish last night. S.a. lus, soilse14.
RELATED MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Shil sí ~ a súl, she cried her eyes out.
Le súil ~ go, expecting that.
Súil ~, a keen eye.
Ní raibh ~ súl ná béil air, his features were unrecognizable, he was all bespattered (with mud, etc.).
~ súile is gabhlóige, knuckle-joint.
~ na súl, eyesight.
In ~ súl, in appearance.
Ag iarraidh ~ na súl a bhaint díom, trying to hoodwink me.
Bhain sé an t-~ as mo shúile, as an tsúil agam, (i) it dazzled me, (ii) it shocked me.
~ daoine, ~ súl de dhaoine, a sight, a great number, of people.
Ba é an t-~ súl é, it was a sight to see.
Thug sin an tsúil ~ aige, that enabled him to look forward with confidence.
Tá a shúil ~, he is looking up, ambitious.
D’~ sí a lámha agus a súile, she raised up her hands and eyes.
~ do mhéar, do shúil, air, beckon to him with your finger, wink at him.
~eadh an tsúil as, he lost an eye.
~ do shúil, do dhúil, de, cease to expect it.
2. ~ na súl, albinism.
Tá an ~ (ina sheasamh) idir a dhá shúil, death is in his face.
Ná bíodh do shúil le ~, don’t expect small favours.
Súil, teanga, bheo, quick eye, tongue.
Beidh bean an tí ag súil leat, the woman of the house will be expecting you.
~ shúile, eye patch.
~ in aon súil, an only child.
~ a chur ar do shúile le rud, to look sharply, piercingly, at sth.
Tháinig ~ ar a shúile liom, his eyes flashed anger at me.
Tá ~ nimhe ar a shúile, there is a venomous look in his eyes.
Súile ~a, gimlet eyes.
Bhioraigh sé a shúile orm, he looked sharply at me.
~ ar shúil, [’blast’ in eye.
Níor bhobáil mé súil aréir, I did not sleep a wink last night.
Tá ~ dubh faoina shúile, he has black rings round his eyes.
~a faoi na súile, puffiness round the eyes.
Súil bhorb a thabhairt ar dhuine, to look sternly, fiercely, at s.o.
Bainfidh sin an ~ de na súile agat, that will blow away the cobwebs from you, open your eyes.
Tá ~ (maith) ar bord, sa chuircín, sa ghrágán, sa tsúil, sa stuaic, aige, he has a (good) drop taken.
Súile ~a, dewy eyes.
~ ar shúil, film on eye.
I m~ na súl, in the twinkling of an eye.
An ní nach bhfeiceann súil ní bhrónann croí, what the eye sees not the heart rues not.
Tá ~ éigin ar mo shúil, there is some kind of swelling about my eye.
Súil bhuile, mad, furious, look.
súl, glance.
Bainfidh sin an ~ de do shúile, that will open your eyes for you; that will waken you up.
Má chailleann sé súil, an t-amharc, if he loses an eye, his sight.
~ súile, eyelid.
~ do shúil thairis, cast your eye over it.
Tá ~ beag ina shúil, there is a slight cast in his eye.
Tá ~ i mo shúil, there is a mote in my eye.
Teacht taobh na súile caoiche ar dhuine, to get on the blind side of s.o.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | News