Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: · B · ba · · bed
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh be »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
be, v.i. 1 (Copula) a (With indefinite predicate) It is a metal, (is) miotal é, miotal is ea é. John is a fisherman, is iascaire Seán, iascaire is ea Seán, is iascaire é Seán. S.a. BE 2 (k). It is a bad day, is dona an lá é. It is bad, is dona é. S.a. BE 2 (g). It is you I am speaking to, (is) leatsa atá mé ag caint. To-morrow is Sunday, amárach an Domhnach. What is it? (i) céard é féin? (ii) céard tá uait? b (With definite predicate) (i) He is the best doctor in the place, is é an dochtúir is fearr san áit é. Are you the doctor? an tú an dochtúir?, I am, is mé. (ii) Who are you? cé hé thusa? cé thusa? cé thú féin? He asked who we were, d'fhiafraigh sé cé sinn féin, cé hiad sinne. If I were you, dá mba mise thusa, dá mbeinn i do bhróga. It was not you who said it, ní thusa a dúirt é. (iii) (Sé...(ná)) His name was Séadna, is é an t-ainm a bhí air (ná) Séadna. What he did was to shout out, is é rud, séard, a rinne sé (ná) béic a chur as. c (Emphatically) Isn't it very cold, nach é atá fuar!, (Yes), it is, , is é. d (With comparative or superlative) He is better than John, is fearr é ná Seán, tá sé níos fearr ná Seán. John is the best (of them), is é Seán is fearr (orthu). 2 (Substantive verb) a (Existence) God is, there is a God, tá Dia ann. There was once a king, bhí rí ann tráth. There are people who believe that, tá daoine a chreideann é sin. There was once a king whose wife died, bhí rí agus cailleadh a bhean. The greatest writer that ever was, an scríbhneoir ab fhearr dá raibh riamh ann. That may be, b'fhéidir sin, thiocfadh dó. b (Position) He is here, tá sé anseo. Here he is, seo chugainn é. c I don't know where I am, (i) níl a fhios agam cá bhfuilim; (ii) tá mé trína chéile. d (Time) It is twelve o'clock, tá sé a dó dhéag. When is the match? cathain, cén uair, a bheidh an cluiche ann? e (With adjs., including verbal adjs. & those ending in -ach, -úil, -mhar) He is lame, droll, good-looking, tá sé bacach, barrúil, slachtmhar. It is cold, tá sé fuar. It is broken, tá sé briste. f (With go + adj. or adv. phrase) It is good, bad, fine, etc., tá sé go maith, go dona, go breá, etc. He is angry, tá sé le buile. S.a. BE 1 (a). It is good enough, tá sé maith go leor. He is slightly odd, tá sé beagáinín aisteach. How are you? cén chaoi a bhfuil tú? How is your cold?, cén chaoi a bhfuil tú ón slaghdán? I am better, tá feabhas orm; tá biseach orm. So be it, bíodh mar sin. How is it that . . .? conas a . . .?conas a ráiníonn go . . .? h (Measure, etc.) It is two miles from here to Galway, tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh. He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain). It's years since I saw him, tá sé na blianta ó chonaic mé é. It is seven shillings a pound, tá sé seacht scilling an punt. How much is that? cé mhéad atá air sin? i (Feeling) He was angry, happy, sorrowful, hungry, etc., bhí fearg, áthas, brón, ocras, etc., air. j Tá ina . . ., (especially of non-permanent state) He is (now) a teacher, tá sé ina mhúinteoir (anois). It is night, tá sé ina oíche. There was a war between them, bhí sé ina chogadh eatarthu. S.a. BE 4 (b). k Atá ann He is a (good) fisherman, iascaire (maith) atá ann. S.a. BE 1 (a). She is a good housewife, bean mhaith tí atá inti. He is only a fool, níl ann ach amadán. He was barely able to do it, ní raibh ann ach go raibh sé ar a chumas é a dhéanamh. l He is as fat as an ox, tá sé ina dhamh le feoil. It is as hard as a rock, tá sé ina charraig le cruas. m Were it not for the rain . . ., murach an bháisteach . . ., mura mbeadh an bháisteach . . . Had it not been for him . . ., murach eisean ... 3 (Go or come) Are you for Cork? ag gabháil go Corcaigh atá tú? I have been to see him, chuaigh mé ag amharc air. I have been into every shop in the street, tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam. He was into the room like a flash, seo isteach sa seomra é ar luas lasrach. Where have you been? cá raibh tú? I've been to the museum, thug mé cuairt ar an músaem. Has any one been? ar tháinig aon duine? 4 (Auxiliary uses) a I was reading, bhí mé ag léamh. They are always laughing, bíonn siad i gcónaí ag gáire. The house is building, is being built, tá an teach á dhéanamh. I have (just) been writing, tá mé i ndiaidh a bheith ag scríobh. I have been waiting for a long time, is fada ag fanacht mé. (Emphatic) Why are you not working? I am working, cén fáth nach bhfuil tú ag obair? Nach bhfuilim ag obair! b The sun is set, tá an ghrian ina luí. He was sitting on the floor, bhí sé ina shuí ar an urlár. She was standing beside him, bhí sí ina seasamh taobh leis. c They were all gone, bhí siad uile imithe. He is come, tá sé tagtha. d (Forming passive) (i) He was killed, maraíodh é. He was laughed at, rinneadh gáire faoi. It is said that . . ., deirtear go . . . It is done in this manner, ar an gcaoi seo a dhéantar é. (ii) The house is to be sold, tá an teach le díol. What is to be done? céard tá le déanamh? It was not to be found, ní raibh sé le fáil, ní raibh aon fháil air, He is to be pitied, is díol trua é. It’s to be wondered at, is cuid iontais é. e (Denoting futurity) He is to come to-morrow, tá sé le teacht amárach, tiocfaidh sé amárach. I was to have come but . . ., bhí mé le teacht ach . . . He was never to see them again, ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís. f (Necessity, duty) You are to re-write this page, tá ort an leathanach seo a athscríobh. Am I to leave? bhfuil orm imeacht? an gcaithfidh mé imeacht? 5 a The bride to-be, an bhean atá le pósadh. s.To to-be, an t-am atá romhainn, an t-am atá le teacht. S.a. HAS-BEEN. b To be for s.o., for sth., bheith i leith, ar thaobh ruda, c (Belong) The battle is to the strong, ag an treis a bhíonn an bua.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is a doctor, dochtúir é.
A woman is too interested in clothes, bíonn an iomarca spéise ag an mbean i gcúrsaí éadaí.
They were threepence a pound, trí phingin an punt a bhí orthu.
They are of a size, tá siad ar aon mhéid.
(Of ship) To be aback, an ghaoth a bheith ina haghaidh.
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
F: He was taken aback, baineadh stad as.
He is only in the ABC, níl sé ach sa mhiontosach.
The matter is still in abeyance, tá an gnó sin ar fionraí fós.
(Of pers., thg.) It is abhorrent to me, tá gráin agam air.
It is abhorrent to, from, the constitution, níl sé ag cur leis an mbunreacht.
To be able to do sth., bheith in inmhe, in ann, rud a dhéanamh.
I am able to do it, tig liom a dhéanamh.
He is about again, tá sé ar a bhoinn arís.
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
There is something uncommon about him, tá rud éigin neamhchoitianta ann.
There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann.
It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é.
What is it all about?cad is bun, cúis, leis?
To be uneasy about s.o., bheith imníoch faoi dhuine.
To be about to do something, bheith ar tí rud a dhéanamh.
What were you about to say?céard a bhí tú ag brath a rá?
He is about his task, tá sé i gcionn a chuid oibre.
This is how I go about it, seo mar théim ina chionn.
He knows what he is about, tá fios a ghnó aige.
What are you about?cad é atá ar siúl agat?
Mind what you are about, tabhair aire do do ghnó.
You haven't been long about it, ní raibh tú i bhfad leis.
While you are about it, nuair atá do lámh ann.
His voice was heard above the din, chualathas a ghlór os cionn an ghleo.
He is above me in rank, is airde é i gcéimíocht ná mé.
To be above (all) suspicion, bheith os cionn amhrais.
I am above doing that, ní ísleoinn mé féin chuige sin.
He is above telling a lie, ní chromfadh sé ar bhréag.
His conduct was above-board, ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis.
To be abreast with, of, the times, coinneáil suas le cúrsaí nua-aimseartha.
He is just back from abroad, níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích.
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
He is all abroad, tá dul amú mór air; tá seachrán trom air.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
He was conspicuous by his absence, thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann.
Jur: He was sentenced in his absence, teilgeadh é agus é as láthair.
Why were you absent from school?cén fáth nach raibh tú ar scoil?
Don't be so absolute, ná bí chomh húdarásach sin.
It is absolutely forbidden to..., tá dianchosc ar ....
He is a total abstainer (from alcohol), ní bhaineann sé don ól; ní ólann sé aon deoir.
Your cheque was most acceptable, tháinig do sheic isteach go binn; bhí fáilte is céad roimh do sheic.
It is difficult of access, is deacair a ghabháil chomh fada leis.
He is difficult of access, is deacair a ghabháil chun cainte leis.
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht