Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: dóchas · dúcha · dúchan · dlúcha · dúch
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
dúchas, m. (gs. -ais).1. Hereditary right or claim; birthright, heritage; ancestral estate, patrimony. ~ a bheith agat i rud, to have a hereditary right to sth. Seilbh a bheith agat ar do dhúchas, to own one’s ancestral estate; to have a grip on one’s heritage. A dhúchas agus a dhíre, his birthright and due. De réir dúchais agus reachta, by traditional custom and law. Ó oifig agus ó dhúchas, in virtue of office and inheritance. Ar dhíth a ndúchais, deprived of their patrimony. Lit:Bhí ~ agus daorchíos orthu, they were subject to a customary and tributary tax. S.a. dáil16, 12. 2. Native place or country, ancestral home; traditional connexion. Thréig sé a thír agus a dhúchas, he forsook his home and country. Filleadh ar do dhúchas, to return home, to where one belongs; to revert to kind. Tá sé ag teacht abhaile ar a dhúchas, he is beginning to frequent his former haunts, getting into his old ways. S.a. fáidh 1. 3. Kindred affection, natural affinity. ~ a bheith agat le duine, to have a natural affinity with s.o. Ní dár n~ iad, they are not of our kind. 4. Heredity, innate quality, natural bent. Rud a bheith sa ~ agat, to have sth. in one’s blood, to have a natural aptitude for sth. ~ ruda a bheith ionat, to be hereditarily inclined towards sth. Thug sé leis ó dhúchas é, he inherited it; it comes naturally to him. Tá an ceol inti ó dhúchas, she is musical by nature; she comes of a musical family. Tá ~ le mairnéalacht aige, he has a bent for seamanship; he comes of a seafaring people. Tá ~ le bainne aici, (of cow) she is of a good milking strain. Tá an teanga ó dhúchas aige, he is a native speaker of the language. Tá ~ a shean ag fás leis, his hereditary instincts are being aroused. Éireannach, fear uasal, ó dhúchas, a born Irishman, gentleman. F:Níor thréig sé a dhúchas, he is very like his people. Mar is ~ dóibh, as is inherent in them. Prov:Is treise ~ ná oiliúint, ‘instinct is stronger than upbringing’. Prov:Briseann an ~ trí chrúba, trí shúile, an chait; sciurdann ~ trí na crúba (agus leanann cú giorria), everything takes after its kind. 5. Natural, wild, state; wildness, madness. Dul le ~, (generally of dog) to go wild, to become frenzied. Madra dúchais, mad dog. 6. (gs. as a.) Inherited, inherent, innate, native. Áit dhúchais, native place; natural habitat. Tír dhúchais, native land, homeland. Teampall dúchais, ancestral church(yard). Ceart dúchais, hereditary right. Ball dúchais, congenital mark. Galar dúchais, inherited disease. Teanga dhúchais, native language, mother tongue. Cainteoir dúchais, native speaker.
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Tá ceart dúchais agam air, I have a hereditary right to it.
~ dúchais, native place, town(land).
~ dlí, dúchais, legal, hereditary, right.
~ le dúchas, to take after kind.
A dhomhan dúchais, his ancestral domain.
Is é is ~ agus is dual, is ~ agus is dúchas, dó, it is in his very nature.
Ní ~ fear ina dhúchas, ar a thairseach féin, no man is a prophet in his own country.
An ~ dúchais, one’s native place.
Ó dhúchas agus ó shinsearacht, by birthright and seniority.
~e dúchais, natural qualities.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht