Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
AN DRAOI GRAMADAÍ
1 ROGHNAIGH AINMFHOCAL 2 ROGHNAIGH AIDIACHT
  +  

Bunachar Gramadaí

Is áis é an Bunachar Gramadaí a chuireann ar chumas an úsáideora teacht go héasca ar an eolas gramadaí a bhaineann le focail Ghaeilge, m.sh. inscne agus foirmeacha infhillte na n-ainmfhocal agus conas a théann siad leis an alt; aimsirí, modhanna agus foirmeacha na mbriathra; foirmeacha agus úsáid na n-aidiachtaí; srl.

Chun an Bunachar Gramadaí seo a chur i dtoll a chéile, fuarthas sonraí gramadaí ó WinGléacht agus ó focal.ie agus rinneadh iad a phróiseáil leis an ríomhchlár Gramadán chun iad a eagrú agus a oiriúnú go córasach. Rinne foireann eagarthóireachta profáil deiridh orthu ansin.

Treoracha

Chun teacht ar an eolas ábhartha faoi fhocal, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun tábla an eolais ghramadaí a fháil. Chomh maith leis sin feictear innéacs ar dheis de na focail go léir a bhfuil comhaid ghramadaí ar fáil dóibh sa Bhunachar Gramadaí, agus innéacs aibítreach den ábhar ag barr an scáileáin.

An Draoi Gramadaí

Inneall idirghníomhach é An Draoi Gramadaí atá bunaithe ar an mBunachar Gramadaí. Cuideoidh sé leat ainmfhocail agus aidiachtaí a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge. Seoladh an áis seo i mí Iúil 2016 agus cuirfear thuileadh patrún gramadaí leis san am atá romhainn.

Íoslódáil

Tá leagan in-íoslódáilte den bhunachar sonraí gramadaí ar fáil saor in aisce, i bhfoirm atá inléite ag ríomhairí, mar áis dóibh siúd ar spéis leo é a úsáid ina gcuid oibre ríomhaireachta féin. Breis eolais...

Amach anseo

Bunachar beo é seo, tá sé á thógáil de réir a chéile. Táthar ag cur go leanúnach leis an gcumhdach agus leis an gcruinneas i dtaca le sonraí gramadaí.

Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Nuacht