EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
girl, s. 1 Cailín m. a Little girl, young girl, gearrchaile m, girseach f, cailín beag. A grown-up girl, cailín óg. Girl's name, ainm mná. b (School) girl, gearrchaile scoile. Girls' school, scoil cailíní. Old girl, athscoláire (mná). 2 Óigbhean f, ainnir f. a His wife is a charming girl, is gleoite an bhean atá aige. Marriageable girl, cailín óg; cailín inphósta. The Smith girls, iníonacha Mhic Gabhann. Attrib.Girl typist, clóscríobhaí mná b P: His (best) girl, his girl friend, a ghrá geal. My dear girl! a chailín ghil mo chroí! a iníon ó! Old girl! a chailleach! c My eldest girl, an cailín, iníon, is sine agam. 3 (Shop-) girl, cailín siopa. (Servant-)girl, cailín aimsire. Work-girl, cailín oibre.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The boys and girls are kept apart, coinnítear na buachaillí agus na cailíní ó chéile.
F: Bachelor girl, cailín m a bheadh ag déanamh di féin.
She has become a big girl, cailín mór atá anois inti.
She blossomed into a fine girl, d'éirigh sí ina cailín breá, rinne sí cailín breá.
To bring out a young girl, cailín óg a chur in aithne don phobal.
You don't know how silly a girl can be, ní fheadar aon duine, ach chomh baoth le gearrchaile, trian baoise gearrchaile.
A fully developed girl, cailín déanta.
The elder girls (of the school), na cailíní móra.
To flirt with a girl, bheith ag suirí, ag cliúsaíocht, le cailín.
A fine likely girl, cailín breá cumasach.
Little girl, cailín m beag, gearrchaile m.
The girl from next door, an cailín béal dorais;
One of the women, girls, bean, duine, de na mná, de na cailíní.
She is one of the best girls . . ., tá sí ar na cailíní is fearr . . .
To be potty on a girl, a bheith splanctha i ndiaidh cailín.
Very practical little girl, cailín beag fíriúil.
Isn't she a pretty girl, nach gleoite an lachóigín í.
To propose to a girl, ceiliúr pósta a chur ar chailín.
To make a runaway match with a girl, éalú le cailín.
Well set up girl, cailín dea-chumtha.
You silly girl, a óinseach!
A slip of a girl, sliseog gearrchaile.
Fine slip of a girl, bonsach bhreá.
F: To be smitten with a girl, bheith splanctha i ndiaidh cailín.
To take a girl about, bheith ag siúl amach le cailín.
To get a girl into trouble, cailín a chur ó chrích, ó rath.
(Of young man) To walk out one's girl, do chailín a thabhairt amach ag spaisteoireacht.
The girl whose mother I meet, an cailín a gcastar a máthair dom.
Girl with blue eyes, cailín, a mbeadh súile gorma aici, súlghorm, gormshúileach.