Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: tabhairt · tabhair · abairt · athbhaist · athbhuairt
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
thabhairt could be a grammatical form of: tabhairt »
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To send a person about his business, an bóthar a thabhairt do dhuine.
To absolve a person from a sin, aspalóid f a thabhairt do dhuine i bpeaca.
To accommodate a person with a loan, iasacht a thabhairt do dhuine.
For your accommodation, mar ais dhuit, le caoi a thabhairt duit.
To bring s.o. to account, duine a thabhairt chun cúitimh.
To give an account of sth., cuntas a thabhairt ar rud.
To account s.o. a scholar, meas scoláire a thabhairt ar dhuine.
He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha.
To account for a sum of money, cuntas a thabhairt in airgead.
To addict oneself to sth., tú féin a thabhairt suas do rud.
To administer the sacraments to s.o., na sacraimintí a thabhairt, a mhineastrálacht, do dhuine.
To administer a remedy to s.o., leigheas a thabhairt do dhuine.
To give s.o. admittance, cead isteach a thabhairt do dhuine; duine a ligean isteach.
F: To turn s.o. adrift, duine a thréigean; an doras a thabhairt do dhuine.
F: To cut (oneself) adrift from s.o., cúl a thabhairt do dhuine.
To advance s.o. money, airgead a thabhairt ar airleacan do dhuine.
A: To advertise s.o. of sth., rabhadh a thabhairt do dhuine faoi rud.
To advise s.o. on a question, eolas a thabhairt do dhuine ar cheist.
To advise s.o. of sth., rabhadh, faisnéis, a thabhairt do dhuine faoi rud.
To put an affront on s.o., to offer an affront to s.o., masla cainte a thabhairt do dhuine; lasadh a bhaint as duine.
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
To aggregate s.o. to a society, duine a thabhairt isteach i gcumann.
To run a ship aground, rith cladaigh a thabhairt do long.
To lend aid, lámh chuidithe a thabhairt.
To aim a blow at s.o., iarraidh de bhuille a thabhairt ar dhuine.
To give the alarm to s.o., rabhadh m a thabhairt do dhuine.
To allot sth. to s.o., rud a thabhairt do dhuine, rud a fhágáil ag duine.
To allow s.o. his expenses, a chuid costas a thabhairt do dhuine.
To allow s.o. time to pay his debts, spás a thabhairt do dhuine lena chuid fiacha a íoc.
To give alms to s.o., déirc a thabhairt do dhuine; déirc a dhéanamh ar dhuine.
An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn.
To animadvert on s.o.'s action, achasán a thabhairt do dhuine faoina ghníomh; a ghníomh a chasadh le duine.
To give an answer to s.o. about sth., freagra a thabhairt ar dhuine faoi rud.
To answer a question, a letter, ceist, litir, a fhreagairt, freagra a thabhairt ar cheist, ar litir.
He has a lot to answer for, is iomaí rud a gcaithfidh sé cuntas a thabhairt ann, atá le cúiteamh aige.
You may bring any person you like, féadfaidh tú do rogha duine a thabhairt leat.
To take s.o. apart, duine a thabhairt i leataobh.
To treat s.o. as a stranger, meas strainséara a thabhairt ar dhuine.
To ask s.o. to lunch, cuireadh chun lóin a thabhairt do dhuine.
To ask s.o. back, athchuireadh a thabhairt do dhuine.
To assist s.o. to the door, taca a thabhairt do dhuine chun an dorais,
To assist s.o. in misfortune, cúnamh a thabhairt do dhuine atá in anás.
To afford asylum to s.o., dídean a thabhairt do dhuine.
To make an attack on s.o.'s life, iarraidh mharfach a thabhairt ar dhuine.
To make an attempt at sth., at doing sth., to do sth., iarraidh, iarracht, a thabhairt ar rud, ar rud a dhéanamh.
To attempt s.o.'s life, iarraidh mharfach a thabhairt ar dhuine.
To attend to sth., aire a thabhairt do rud.
To attend to s.o., cluas a thabhairt do dhuine, aird a thabhairt ar dhuine.
To attend to sth., aire a thabhairt do rud.
To pay particular attention to sth., aird ar leith a thabhairt ar rud.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News