EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
éifeacht bain3 fórsa, tábhacht; feidhm, maitheas; tairbhe, ábaltacht (duine nó rud a bhfuil éifeacht ann); éacht, barr feabhais (rinne sé éifeacht leis an léann)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
neart, fuinneamh (brí na hóige; cuirfidh an bia brí ionat; in ísle brí); ciall (brí focail); éifeacht (argóint ar bheagán brí)
mionchaint gan éifeacht; cúlchaint
gean, grá (le cion ort); meas (cion ar airgead); feidhm, éifeacht (an rud is mó a chuaigh i gcion orm)
gan éifeacht, amú (is díomhaoin mo ghnó, mo thuras); gan a bheith ag obair (lá ag obair agus lá díomhaoin); leisciúil; neamhphósta
a bhaineann le héifeacht, a bhfuil feidhm nó éifeacht leis; cumhachtach, cumasach
duine nó ainmhí mall righin; duine cúlánta gan éifeacht; créatúr lag gan bhrí, iarlais
úsáid, seirbhís; gnó, diúité, obair (tá sé in aois feidhme); éifeacht (an dlí a chur i bhfeidhm); iarracht (feidhm a thabhairt ar rud); gaisce, aicsean (fear feidhme); gá, riachtanas (an rud atá d'fheidhm ort, níl feidhm dom a rá)
gníomhú, cur i bhfeidhm nó in éifeacht
gan aon rud nó aon duine istigh ann (soitheach folamh, spás folamh; teach folamh); gan éifeacht (gáire folamh); in aistear (turas folamh); amú (buille folamh)
cumhacht, neart, foréigean; éifeacht
gan neart, gan a bheith láidir; gan chumhacht (tír lag); gan éifeacht (freagra, iarracht, lag; creideamh lag); gan substaint (fíon, tae, lag); gan a bheith aibí (páistí laga); beag (is lag a shíl mé go)
duine gan aird gan éifeacht
gan éifeacht nó feidhm, gan mhaith
brí, fuinneamh, éifeacht; neart agus spiorad