EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
caighdeán fir1 slat tomhais; grád fiúntais a meastar rudaí leis (caighdeán ard maireachtála); tomhas faid, meáchain etc. a úsáidtear mar aonad chun cur síos ar fhad, ar mheáchain etc., eile
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
rud amháin ann féin; caighdeán tomhais (is é an punt an t-aonad airgid atá in Éirinn)
miosúr (buntomhas tí); caighdeán tomhais (orlach mar bhuntomhas)
de réir caighdeáin, ag teacht le caighdeán
caighdeán a chur i bhfeidhm ar rud
lár; modh (meán múinteoireachta, na meáin chumarsáide); caighdeán (ar meán); teorainn (chuaigh sé thar meán leis); coim
caighdeán nó patrún a meastar rudaí dá réir
bealach gabhála; cead scríofa (pas fillte); cead imeachta (bíodh do phas agat anois); cead taistil thar lear ón Rialtas; giota beag, beagán (pas déanach, pas beag fuar); caighdeán faoi bhun onóracha i scrúduithe
fírinne bhunúsach, dlí ginearálta; caighdeán onóra nó ionracais (fear gan phrionsabal)
caighdeán luais, fáis, íocaíochta etc. (ráta 50 míle san uair; ráta pá, ráta bainc); luach (rud a dhíol faoi ráta)
aon ní atá marcáilte go rialta agus a úsaidtear mar chaighdeán tomhais (mar shampla, teirmiméadar); sraith nótaí ceoil ag éirí nó ag titim agus áirithe thomhaiste eatarthu; toisí pictiúir, cuspa, plean, etc., tarraingthe i gcoibhneas leis an rud féin (mar shampla, cuspa d'fhoirgneamh ar scála, mapa tarraingthe ar scála 1" in aghaidh an mhíle)
bata caol (slat sailí, slat iascaigh); barra caol miotail; caighdeán tomhais (cén tslat tomhais a bhí agat?); tomhas faid trí troithe; ráille (slat staighre, slat droichid); gunail báid; fleasc (slat draíochta; slat do dhroma)