DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
mír a úsáidtear le huimhreacha (a haon, a dó, a trí, a ceathair déag, fiche a cúig, uimhir a sé)
chomh maith le, mar aon le (mise agus tusa, a dó agus a trí, shuigh sé agus lig a scíth, ná mol agus ná cáin)
díol, tuillteanas (is maith an airí air é); duine ar fiú nó ar cóir rud a dhéanamh dó
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
duine nach airí air rud a dhéanamh dó
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
teagmháil le; cur isteach ar; tarlú do (bhain taisme dó)
dó beag ar an taobh amuigh, ruadhó
fiuchadh; cócaireacht in uisce te, beiriú; bácáil; dó
gnáthuimhir mar aon, dó, trí
bialann ina bhfaigheann duine an bia dó féin ón gcuntar
gá, riachtanas (níl aon chall leis; ní call duit labhairt); ceart, éileamh (níl aon chall agat dó, chuige)
déanamh, múnlú, cumadh (dán a cheapadh); socrú, gealladh (an rud a cheap Dia dó); síleadh, meas (ceapaim go bhfuil an ceart agat); stopadh, gabháil (ainmhí a cheapadh, liathróid a cheapadh)
an uimhir 4 in gcomhaireamh (aon, dó, trí, ceathair)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
fíor chearnach agus sé aghaidh chearnacha uirthi ar nós dísle; uimhir méadaithe fúithi féin faoi dhó, mar shampla, ciúb an 2 = 2 x 2 x 2 = 8
custaiméir; duine a fhostaíonn dlíodóir nó a leithéid le riar dó
acht a mbraitheann gníomh áirithe air (tugadh dó é ar choinníoll nach ndíolfadh sé arís é); gealltanas (dá dtugadh sé a choinníoll dom); dílseacht d'fhocal, dúthracht (fear gan choinníoll)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
cór; curfá; éisteacht (tabhair córas dó)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
(le tine) dó go mall gan lasair
corp a dhó ina luaithreach
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
a dó nó a trí de rudaí; péire; dhá rud óga a shaolófaí in aon bhreith
ealaín, go háirithe ealaín na filíochta; dréacht i bhfilíocht seachas i bprós ina léiríonn duine a smaointe agus a shamhlaíocht (i línte tomhaiste de ghnáth agus rím iontu); cinniúint (bhí an bás i ndán dó)
fabhar nó bronntanas do dhuine le trua dó; gníomh carthanachta
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
tar éis a dhó, loiscthe; seargtha, críon (seanduine dóite); dian, géar (is dóite an scéal é); tuirseach, bailithe (bheith dóite de rud)
tine mhór mhillteach, dó uafásach (mar a dhéanfaí ar theach nó ar chruach féir)
nádúrtha, dúchasach (ba dhual athar dó a bheith deas); oiriúnach (an áit is dual duit); i ndán nó beartaithe (do dhuine) (is dual dúinn uile an bás)
méadú faoi dhó; filleadh (páipéar a dhúbailt); a dhá oiread, a oiread eile arís (chuir sé dúbailt oibre orm)
faoi dhó; fillte (páipéar dúbailte)
i ndiaidh (tar éis a naoi, tar éis imeacht dó); cé, bíodh, go (tar éis gur crosadh air é)
dearadh ar mhiotal, gloine etc., trí línte a dhó iontu le haigéad; pictiúr ó phláta eitseáilte
cineálta (bhí Dia fabhrach dó); claonta
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
(leis an gcopail) indéanta (ní féidir liom é); ceadaithe (ní féidir dó fanacht anseo); seans, tharlódh sé (b'fhéidir é)
sreang atá sodhóite agus í greamaithe d'ábhar pléasctha le tine a thabhairt dó
in aice, i ngaireacht (i bhfogas duit, i bhfogas míle dó)
cabhair; faoiseamh; cabhrú le duine nó faoiseamh a thabhairt dó (go bhfortaí Dia ort)
ádh, seans, rath; saibhreas; a bhfuil i ndán do dhuine (mar a thuarann fear nó bean feasa dó)
gairid, cóngarach (gar i ngaol; go gar ina dhiaidh sin); sprionlaitheach (gar dó féin)
d'fhocal a thabhairt (gheall mé dó go rachainn ann); deimhniú, móidiú (déanfar é, geallaim duit; tá an bheirt acu geallta); cur in áirithe mar chinniúint, ordú (an rud a gheall Dia dúinn); fonn, fuadar (tá gealladh maith faoi)
cineál de chodladh ina labhraíonn nó a ngníomhaíonn an té atá curtha faoi mar a ordaíonn an hiopnóisí dó
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna