Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: la · á · L · láb · lád
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
could be a grammatical form of: láigh »
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
fir an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine; solas an lae (fanfaimid go lá); an tréimhse ó mheán oíche go meán oíche arís (seacht lá na seachtaine); lá, dáta, áirithe (lá aonaigh, lá pá, an chéad lá den mhí); lá féile (Lá Nollag, Lá Bealtaine); bua an lae (tá an lá leat); ré saoil (bhí sé go maith ina lá); aimsir reatha (sa lá atá inniu ann); tréimhse (is fada an lá ó chonaic mé é); (ón lá seo amach; an lá is fearr a bhí sé); uair, am (lá éigin, lá dá raibh); pioc (níl lá iomrá aige air) lá breithe an lá den bhliain a rugadh duine, nó cuimhne an lae sin Lá Caille an chéad lá Eanáir
RELATED MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
ainm a thabhairt ar; duine a mholadh (do phost, etc.); (lá, áit, etc.) a spriocadh
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
an lá i ndiaidh arú amárach
an chéad lá eile, an lá i ndiaidh inniu
ar chéim ard (tá sé an-mhór); fíormhaith (bhí an-lá againn)
go dtí an taobh thall, sall; amach (anonn sa lá)
a bhaineann le haon, an chéad (an t-aonú lá)
an lá roimh an lá inné
an fad ama a bhaineann sé as an domhan dul timpeall na gréine; 365 lá nó 52 seachtain nó 12 mí
bliain a bhfuil lá breise inti i mí Feabhra
an chuid den chorp a bhfuil an goile agus na putóga ann; mála (bolg saighead); boilsc (bolg seoil); áit le lasta a chur ann (bolg loinge); lár (bolg an chuain, i mbolg an lae)
deorach; silteach, báistiúil (lá bog braonach)
lá an bhreithiúnais
spotaí a chur nó a theacht i rud; gealadh (breacadh an lae); marcáil le litreacha, scríobh (páipéar a bhreacadh le scríbhinn); greanadh (tuama a bhreacadh)
fo-lá; lá ceathanna is gealán
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
breithiúnas (breith a thabhairt ar chúis; Lá na Breithe)
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
bánú lae
go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca (agus na laethanta ina dhiaidh)
socrú, beartú, ceapadh (cinneadh ar lá, ar rud a dhéanamh)
meath an tsolais idir lá agus oíche
dhá sheachtain, ceithre lá dhéag
faoi dhéin, le haghaidh (i gcomhair an lae amárach)
troid, coimhlint; bualadh le chéile (comhrac an dá uisce, comhrac lae is oíche)
an dá thráth den bhliain nuair is comhfhad lá agus oíche (thart ar Mhárta 21 agus Meán Fómhair 23)
leibhéalta, réidh (talamh cothrom, meá chothrom); measartha, cóir (lá cothrom oibre, luach cothrom saothair); féaráilte (bí cothrom leis anois)
meath ar sholas an lae, teacht na hoíche
bua nó cumas rudaí a thabhairt ar ais san aigne (beidh cuimhne ar an lá seo fós); na rudaí ar fad a gcuimhníonn daoine orthu (más buan mo chuimhne; cuimhní cinn)
tabhairt chun cuimhne (cuimhním ar an lá go maith); smaoineamh (níor chuimhníomar go dtiocfá); beartú, seiftiú (ag cuimhneamh ar dhul abhaile); plean, seift (is maith an cuimhneamh é)
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
sábháil (airgead a chur tharat); doirteadh (pota ag cur thairis); síorchaint (tá sí ag cur thairsti ó mhaidin); casadh (roth, long, a chur thart); roinnt (deoch a chur thart); caitheamh, meilt (an lá a chur thart)
an lá den mhí agus den bhliain a chuirtear le rud; lá, mí agus bliain áirithe
(in ainmneacha laethanta) (Dé Luain, Dé Máirt, etc.)
cur i gcrích nó ar fáil (obair a dhéanamh); comhlíonadh (an carghas, do dhualgas, a dhéanamh); cleachtadh (léann nó eolas a dhéanamh); cur le chéile (rinne Dia an domhan, bád a dhéanamh); ullmhú, cóiriú (an dinnéar a dhéanamh); cruthú (déanfaidh sé lá maith fós); sroicheadh (talamh a dhéanamh, na ceithre scór a dhéanamh); tarraingt (achrann a dhéanamh); bheith páirteach i (comhrá, greann, a dhéanamh); tabhairt (seanmóir a dhéanamh); (le haidiacht) (rinne sé tuirseach mé); ceapadh (tá mé ag déanamh go bhfuil an ceart agat; déanaim amach go bhfuil); cruth (rud ar dhéanamh uibhe); bheith sásta le (caithfidh tú déanamh leis, as)
an uimhir 2 roimh ainmfhocail (dhá cheann, dhá lá dhéag)
leabhar ina mbíonn cur síos ar imeachtaí an lae, cín lae
béile mór an lae
gan éifeacht, amú (is díomhaoin mo ghnó, mo thuras); gan a bheith ag obair (lá ag obair agus lá díomhaoin); leisciúil; neamhphósta
péacadh, geamhrú, teacht os cionn talún; gealadh (lae)
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
ciorclú; breacadh (lae)
le linn, i rith (ar feadh an lae); ar fhad, ar fud (ar feadh an bhóthair, ar feadh na tíre); chomh fada le (ar feadh m'eolais nó mo chuimhne)
lá cuimhne naoimh, lá pátrúin (Lá Fhéile Pádraig; féile Michíl); ócáid mhór, aeraíochta, fleá
liosta de laethanta, dátaí etc., i ngach seachtain agus mí den bhliain
dul sa tóir ar ainmhithe chun breith orthu (mar spórt nó mar sprioc chreiche); an tóir féin (lá fiaigh, capall fiaigh); géim, creach
gan a bheith mínithe nó saothraithe ag an duine (ainmhithe fiáine, bláthanna fiáine); gan smacht (fear fiáin; páistí ag imeacht fiáin); díocasach (fiáin chun oibre); stoirmiúil (lá fiáin gaoithe)
Creidim ionat
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News