bán1, m. (gs. báin, npl. ~a, gpl. ~). 1. White. Is deise an ~ ná an dubh ort, white looks nicer than black on you. Chuirfeadh sé an dubh ina bhán ort, he would persuade you that black was white. 2. ~ na súl, albinism.
bán2, m. (gs. báin, pl. ~ta). 1. Lea; grassland. ~ta na Mí, the grassy plains of Meath. 2. Uncultivated land. S.a. pocaire12(a), preabaire 2.
bán3, a1. 1. White. Teach, hata, capall, ~, white house, hat, horse. ~ ná riabhach, ~ ná dearg, at all. Airgead ~, silver money. S.a. bád, binn14, cailín 4, canónach, dáthabha, dubh23, feoil 1. 2. White-headed. (Hypocoristic) Mo chailín, mo leanbh, ~, my darling girl, child. S.a. buachaill 1. 3. Fair. Gruaig bhán, fair hair. 4. Pale. Aghaidh bhán, pale, pallid, face. D’éirigh sé ~ sa ghnúis, his face blanched. 5. Albinotic. 6. (Of speech) Tá béal ~ aige, he is fair-spoken, plausible. S.a. béal 1(b).7. Tá an lá ~ ann, it is clear day. Sa, leis an, lá ~, in broad daylight. 8. Sioc ~, hoar-frost. 9. Blank. Leathanach ~, blank page. 10. Empty. Tá an teach, an áit, ~, the house, the place, is deserted. 11. Idle. Ógánaigh ag imeacht ~, youths going around indolent, becoming wastrels. Ní ~ dom trácht air, I ought to mention it. 12. Wild, crazy. Tá sé imithe ~ ina diaidh, he is gone crazy after her. 13. Talamh ~, fallow land; lea, grass-land.