cnámh, f. (gs. -áimhe, npl. ~a, gpl. ~).1. Bone. (a)~ duine, ainmhí, éisc, human, animal, fish, bone. ~a na marbh, the bones of the dead. ~ brollaigh, uchta, breastbone. ~ corróige, cromáin, hip-bone. ~ droma, backbone. Má tá ~ droma ionat, if you have any gumption in you. ~ géill, jaw-bone. ~ grua, leicinn, cheek-bone. ~ (na) leise, thigh-bone, femur. ~ (na) lorga, shin-bone, tibia; (of horse) cannon-bone. ~ murnáin, an mhurnáin, ankle-bone. ~ radúil, radius. ~ smeara, marrowbone. Smior i do chnámh! Good for you! ~ (an)smiolgadáin, collar-bone. ~ uillinne, na huillinne, ulna. Má théann an chúis go ~ na huillinne, if it comes to the crucial test. ~ uisinne, na huisinne, temporal bone. Na ~a a bhaint as rud, to bone sth. Tá na ~a aige, he has plenty of bone. Cuirfidh an bia maith ~ ann, good food will strengthen his bones. Fear i gcumas a chnámh, a man in all his strength, a full-grown man. Níl air ach na ~a, (of bird, etc.) there is nothing on it but bones to pick. Níl ann ach na ~a agus an craiceann, he is only skin and bone. Tá na ~a ag teacht tríd an gcraiceann aige, his bones are protruding through his skin. Allas na g~ a chur, to sweat from work, to work slavishly. Bhain sé as a chnámha é, he worked himself to the bone for it. Níl sé aige gan fhios dá chnámha, he has had to work hard for it. Má tá sé i do cheithre ~a, if you can summon up the strength for it. Roinnfear do cheithre ~a ar a chéile, every bone in your body will be broken. Tá an fuacht ag dul sna ~a aige, he feels the cold in his bones. Tá na ~a ag cur air, he is stiff in the joints, suffers from rheumatism. Chuaigh an buille sin i ndeas don chnámh, that thrust went home. Prov:Téann focal le gaoth ach téann buille le ~, actions speak louder than words. S.a. aicíd1, cual, fear11 (a), fiabhras, lus, tine11(a).(b)Fig:~ ghaoil a bheith agat le duine, to be related by blood to s.o. Gaol na g~ , close relationship, kinship. ~ spairne, bone of contention. ~ an scadáin, herring-bone (pattern). ~ dhearg na fírinne, the naked truth. An rud atá sa chnámh (is doiligh a bhaint as an bhfeoil), what is bred in the bone (is difficult to get rid of). Níor chuir sé ~ ann, he made no bones about it. Ná lig do chnámh leis an madra, don’t be imposed upon. S.a. creim11. (c)~a scéil, the framework of a story. Sin ~a an scéil agat, those are the main facts of the story for you. ~a na ceimice, synopsis of chemistry. (d)Mus:~a, bones. 2. Strip (in ploughing). 3. Submerged reef. (Var:m; gs. & pl. ~a)