EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
diúltaigh1, v.t. & i. 1. Deny, refuse. (a)Duine, rud, a dhiúltú, to refuse s.o., sth. Dhiúltaigh sé m’iarratas, he refused my application. Ná ~ mé faoi m’achainí, don’t deny me my request. D’iarr sé í agus dhiúltaigh sí é, he asked her (in marriage) and she refused him. Ní dhiúltódh sé braon beag, he wouldn’t refuse, be averse to, a little drop. Tá sé ag diúltú an bhia, an tobac, he is going off his food, smoking. Diúltú rud a dhéanamh, to refuse to do sth. Dhiúltaigh sé an cíos a íoc, he refused to pay the rent. Dhiúltaigh sé a luach (a ghlacadh)uaim, he declined to accept the price of it from me. (b)Tú féin a dhiúltú (faoi rud), to deny oneself (in respect of sth.). Ní dhiúltófá d’athair féin, you would not deny your own father. 2. (With do)(a) Renounce, repudiate. Diúltú don diabhal, d’eiriceacht, do phiseoga, to renounce the devil, heresy, superstitious practices. Diúltaím duit! I renounce you! Keep away from me! An Fear Dubh, diúltaímid dó! The Devil, far be he from us! (b) Refuse, reject. Diúltú do bhia is do bheatha, to reject food and sustenance. (c) Decline, shirk. Diúltú do throid, do chuideachta, to shun fight, company. (d) Resist. Diúltú do chathú, to resist temptation. (e)(Of day, sun) Decline. Tá an ghrian ag diúltú, the sun is declining. Tá an lá ag diúltú dá sholas, the daylight is fading. 3. (With roimh) Decline company of, shrink from. Diúltú roimh dhuine, to shrink from s.o. Tá siad ag diúltú romhainn ina dtithe, they decline to accept us in their houses. Mhothaigh mé mé féin ag diúltú roimhe, I found myself taking a dislike to him. (Var:diúlt)
diúltaigh2. 1:diúltach1. 2. gsm. of diúltach2.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
~ a thabhairt do dhuine, to give a refusal to s.o.
~ airgid, comhairle, refusal to give, to accept, money, advice.
~ creidimh, renunciation of faith.
~ d’údarás, refusal to accept authority.
Diúltaím dó, I renounce it.
~ a dhiúltú, to refuse information.
Diúltú ~ do rud, to refuse sth. absolutely.
B’~ is diúltú é, it was tantamount to a refusal.