Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: díréitigh · doréitigh · éintigh · éirigh · éistigh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
réitigh could be a grammatical form of: réiteach »
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
réitigh1, v.t. (vn. -teach). 1. (a) Level, smooth. Bealach, bóthar, slí, a réiteach, to smooth a path; to facilitate matters. ~ sé an bealach dúinn, he smoothed the way for us. ~romhainn go cathair na ngrást, open the way to heaven for us. Go réití Dia dúinn! Dia ár réiteach! God save us! (b) Clear. Talamh a réiteach, to clear land (of trees, etc.). Píopa, feadán, a réiteach, to clear a pipe, a gully. Do scornach a réiteach, to clear one’s throat. 2. Unravel, disentangle, free. Snáth a réiteach, to unravel thread. ~ as an líon iad, release them from the net. Ní thig liom mo mhuinchille a réiteach as na driseacha, I can’t free my sleeve from the briars. Réitíodh a n-aithreacha as broid, their fathers were delivered from bondage. 3. Adjust, arrange, put in order. Do cheann a réiteach, to comb one’s hair. Teach a réiteach, to put a house in order. ~ na cathaoireacha dóibh, arrange the chairs for them. ~ sí í féin chun siúil, she made ready to go. 4. Solve, resolve, elucidate. Ceist a réiteach, to answer a question. Deacracht a réiteach, to resolve a difficulty. Argóint, imreas, a réiteach, to settle an argument, a dispute. 5. (With le) Settle, agree (with). Réiteach le duine, to settle with s.o.; to make peace with s.o. Is breá a réitíonn sibh le chéile, you get on very well together. ~ sé liom ar an oiread seo, he settled with me for so much. Ní réitíonn sé le mo ghoile, it doesn’t agree with my stomach. Ní réitíonn an chaint sin liom, I don’t like that kind of talk. Níor ~ sé liom a bheith gan codladh na hoíche, it didn’t suit me to be without a night’s sleep.
réitigh2 :réiteach.
RELATED MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
I bhfad ó bhaile uainn an t-olc is an anachain; Dia dár réiteach i bhfad ó bhaile, God keep us from all harm.
~ a réiteach, to settle degree of relationship; to dispense with prohibition of marriage.
Fadhb chrua le réiteach, difficult problem to solve.
Tá ~aí áirithe le réiteach, there are certain difficulties to be resolved.
~ a réiteach, to settle a difference.
Do dholaí a réiteach, to clear one’s expenses, meet one’s obligations.
~ a fhuascailt, a réiteach, to solve a problem; to resolve a difficulty.
De ghrá an réitigh, for peace sake.
Ba é ~ is réiteach an scéil (go), the upshot of the matter was (that).
~ slí, clearance of way (from obstruction); smoothing of path.
~ talún, clearance of land (from overgrowth).
~ scornaí, clearing of throat.
~ i gcoill, forest clearing.
~ agus sliabh, plain and mountain.
Amuigh ar an ~, out in the open.
~ i gcomhair ruda, preparation for sth.
~ snátha, unravelling of thread.
~ cinn, combing of hair.
~ achrainn, settlement of dispute.
~ deacrachta, solution of difficulty.
~ ceiste, answer to question.
Tá ~ an scéil agam, I know the answer to the problem.
~ a dhéanamh idir dhaoine, to settle matters between people.
Teacht chun réitigh le duine, to come to an agreement with s.o.
Chuaigh an chúis ó ~ orainn, we failed to decide the issue, to come to terms.
Ní théann rogha ón ~, peace is everything.
Bord réitigh, conciliation board.
Ráiteas réitigh, reconciliation statement.
Ceann réitigh, arbitrator.
Vóta réitigh, casting-vote.
1. Do ~ a réiteach, to clear one’s throat.
Thángamar ar réiteach na ceiste, we found the solution to the problem.
Thóg mé orm féin an cás a réiteach, I took it on myself to settle the case.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News