Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: fail · failc · faile · faill · failm
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh family »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
family, s. 1 (Members of household) Líon m, teaghlach m. Family life, saol (an) teaghlaigh. 2 (Parents, children, relations) Muintir f. 3 (Children) Clann f. She is in the family way, tá sí ag iompar clainne. How is your family? cén chaoi bhfuil do chúram? What family have they? cé mhéad duine clainne atá orthu? A family man, fear tí agus urláir. 4 (Descendants) Sliocht m(g. sleachta), síol m. Family tree, craobha fpl ginealaigh. 5 (Race) Cine m, treibh f. 6 Aicme f (rudaí); Biol: fine f. 7 Mth: Number families, uimhirfhinte fpl. Family of sets, cnuasach m tacar.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Family of ancient descent, teaghlach a théann i bhfad siar.
To board with the family, bheith ar coinneáil ag an teaghlach.
In the bosom of his family, i gceartlár a theaghlaigh.
He is a burden on the family, tá sé ina thrillín ar an teaghlach.
He was cast off by his family, thug a mhuintir an bóthar dó.
The family circle, an mhuintir, an chlann.
He comes of an excellent family, is de thogha na ndaoine é.
(Of pers.) He is connected with that family, tá gaol, cleamhnas, aige leis an teaghlach sin.
He brought disgrace on his family, náirigh sé a mhuintir.
He is a disgrace to his family, cúis náire dá mhuintir é.
To bring dishonour on the family, náire a thabhairt don mhuintir.
The distaff side (of a family), muintir na mná.
The members of the family have dropped away, tá an chlann scaipthe.
An eminently respectable family, clann fhíorchreidiúnach.
Without (family) encumbrances, gan cúram (clainne).
Family blood feud, fíoch m bunaidh.
Family feuds, achrainn mpl teaghlaigh.
He founded a family there, bhunaigh sé teaghlach ann; d'fhág sé sliocht ina dhiaidh ann.
The house was so named from the family, baisteadh amhlaidh an teach don mhuintir.
At Christmas there was a family gathering in the old house, faoi Nollaig bhí an mhuintir go léir bailithe sa seanteach.
His family goes back to the Normans, tá a chraobh ghinealaigh le ríomh siar go dtí na Normanaigh.
My family is as good as his, tá mo mhuintirse chomh maith lena mhuintir siúd.
A good-class family, muintir ghradamach.
Family jars, clampar m teaghlaigh.
Large family, muirín mhór, iomadúil.
Give my love to your family, beir mo dhea-mhéin chun do mhuintire.
To marry into a family, duine de chlann (áirithe) a phósadh.
He is a member of the family, is den teaghlach é.
He is the pride of the family, sé úillín óir na muintire é.
To make provision for one's family, (i) soláthar do do mhuirín; (ii) riar a gcáis a fhágáil ag do mhuirín.
The family is of good repute, teaghlach creidiúnach iad.
Family-ridden, (i) agus muirín mhór ina thrillín ort; (ii) faoi ghéarsmacht do mhuintire.
I have made it all right for my family, rinne mé socrú maith do mo theaghlach.
It runs in the family, in the blood, tá sé sa mhuintir, san fhuil.
He sees a lot of that family, bíonn caidreamh mór aige ar an muintir sin.
The senior member of the family, sinsear m an teaghlaigh.
F: The black sheep (of the family), an cuilthín.
Family dependent upon a son for support, muirín i muinín mic lena gcothú.
He is the support of the family, is é maide droma an tí é.
To support a family, clann f a thógáil, a chothú.
He can trace his family back to Brian Boru, tá ginealach a chine aige siar go Brian Bóraimhe.
Family-tree, géaga fpl ginealaigh.
Family troubles, cúrsaí buairimh ag baile.
Private tutor, family tutor, múinteoir m baile.
Family vault, tuama teaghlaigh.
His family will see to it that he does not want, ní fhágfaidh a theaghlach gan riar a cháis é.
The whole family died of it, cailleadh an mhuirín uile leis.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht