Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: taosú · tonú · tos · tosh · toss
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é tosú de: tosaigh »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: Just agoing to begin, go díreach ar tí tosú.
To begin anew, tosú arís.
Her only answer to me was to weep, ní thug sí de fhreagra orm ach tosú ag gol.
To begin at the beginning, tosú ag an tús.
To begin to do sth., to begin doing sth., tosú ag déanamh ruda, ar rud a dhéanamh.
Well begun is half done, dhá thrian cuidithe tosú; tús maith leath na hoibre.
Prov: A good beginning is half the battle, dhá thrian cuidithe tosú.
The first blow is half the battle, dhá thrian cuidithe tosú.
(Of water, etc.) To come to the boil, tosú ag fiuchadh.
His voice is beginning to break, tá an guth ag tosú ag briseadh aige.
To break into praise of s.o., tosú ag moladh duine.
The day was beginning to break, bhí an lá ag tosú ag breacadh, ag fáinniú.
F: He is beginning to break up, tá sé ag tosú ar mheath.
To break bulk, tosú ag cartadh an lasta.
To chum (up) with s.o., tosú ag comrádaíocht le duine.
To come up (to the university), tosú ar chúrsa ollscoile.
To commence to do sth., to commence doing sth., tosú ag déanamh, ruda, ar rud a dhéanamh.
Counting from to-morrow, ag tosú leis an lá amárach.
To begin at the wrong end, tosú ag an gceann tuathail.
To enter into relations with s.o., tosú ar caidreamh a dhéanamh le duine.
To enter into explanations, tosú ar mhíniú a thabhairt.
To fall into a habit, tosú ar nós a chleachtadh.
Fb: To feed the forwards, soláthar do na tosaithe.
Fb: He plays forward, imríonn sé ar na tosaithe.
To set, put, one's hands to a task, tosú, cromadh, ar obair.
I had much rather start at once, b'fhearr liom go mór tosú lom láithreach.
He was just beginning, ní raibh sé ach ag tosú.
Kick-off at two o'clock, (an cluiche) ag tosú ag a dó a chlog.
To launch out (into expense), tosú ar airgead a chaitheamh go rábach.
Ready to start at a short notice, réidh le tosú nóiméad ar bith.
Rugby Fb: The pack, na tosaithe mpl.
Point of departure, ionad m tosaithe,
(Starting-)post, post tosaithe.
To enter into relations with s.o., tosú ar déileáil, dul i gcaidreamh, le duine.
To renew the combat, tosú ar an troid athuair.
He rose from nothing, d'éirigh leis sa saol agus gan dada aige ag tosú dó.
To start (at) scratch, tosú ar an scríoblíne.
A reaction is setting in against him, táthar tosaithe ar iompú ina aghaidh.
To start with a clean slate, tosú as an nua.
Sp: Speedy forwards, tosaithe gasta, meara.
Nau: To spring a leak, tosú ag déanamh uisce.
To make an early start, tosú go luath.
F: To give s.o. a start, cúnamh chun tosaithe a thabhairt do dhuine.
To make a fresh start, tosú as an úire.
Rac: Flying start, tosú m rothaig.
Standing start, tosú gan rothag, ó bhonn.
To start at the beginning, tosú ag an tús.
To start afresh, atosú, tosú as an nua.
To start doing sth., tosú ag déanamh ruda.
It's just started raining, tá sé tar éis tosú ag báisteach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht