álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)