Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cainneál · cinseal · cainéal · caingeal · canáil
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cineál fir1 sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
an cineál aimsire a bhíonn in áit
cineál daoine; cineál ar leith ainmhithe nó plandaí
taitneamh; greannmhaireacht; cineál eagla, aiteacht
cineál de chnó istigh i dtoradh an chrainn almóinne
cineál de shalann mianrach
cineál de ghual crua a dhónn le beagán lasrach nó deataigh
cineál de spól chun snátha
breac de chineál an phéirse
cineál d'fhungas a mbíonn an pór ann ar nós púdar a sceitheann nuair a bhíonn sé aibí
cineál crua de chóilis
coirt crainn as an Áise a úsáidtear chun cineál spíosra a dhéanamh
cineál ola agus boladh láidir uaithi a úsáidtear i gcógais agus i millíní leamhan
duine a itheann feoil duine; ainmhí a itheann ainmhithe dá chineál féin
ainmhí athchogantach de chineál an ghabhair a thugann olann agus feoil dúinn
cineál réinfhia de chuid Mheiriceá Thuaidh
a bhaineann le cineál aigéid a fhaightear in ola ghuail agus a úsáidtear mar dhíghalrán (aigéad carbólach)
cineál cóiste chun daoine a iompar; cóiste traenach
cineál de bhosca chun rudaí a choinneáil nó a iompar ann (cás seod, veidhlín); fráma; áit a gcoinnítear éan nó ainmhí mar pheata
cineál d'éadach cadáis
éan baineann de chineál ar bith, go háirithe d'éanlaith chlóis
an cineál oibre nó saothair a dtuilleann duine a bheatha leis; obair a bhfuil scil ar leith ag baint léi; slí bheatha
scamall anuas ar an talamh; aon chineál scamaill (ceo deannaigh)
daoine beo den chineál céanna, a tháinig ón sinsear céanna, ar aon dath craicinn nó tréithe etc., le chéile; muintir, sloinne
fána; sceabha (ar claon); luí nádúrtha le beart de chineál áirithe (lean sé dá chlaon); bá (tá claon ag an leanbh leat); antoil (claon chun oilc)
cineál de bhuaf
rud maith mór dá chineál; rud mór garbh (cnapán cloiche, práta, uibhe)
cineál gráin a thugtar d'ainmhithe agus a úsáidtear chun leite a dhéanamh
cineál bosca speisialta a maireann beacha ann; cón
iasc farraige de chineál an troisc
rud mór dá chineál (cránaí fir, cránaí cloiche, cránaí bréige)
barr na talún mar a bhfásann féar agus plandaí, ithir; cineál áirithe ithreach atá righin agus a chruann le bácáil, agus a dhéanann brící agus earraí cré
éan géim coille de chineál na naoscaí, coileach feá
cineál de phéist bheag a thagann i bhfeoil nó i gcáis a bheadh ag lobhadh
cineál gráin a mheiltear i gcomhair plúir
iasc sliogánach de chineál na faochan
córas rialtais faoinar leis an stát gach cineál tionscail agus tráchtála agus gan aon mhaoin phríobháideach in ainm is a bheith ann (mar atá sa tSín etc.)
cineál de stobhadh agus é leasaithe le spíosraí
cineál rialtais arb iad na daoine a thoghann na baill go saorálach mar theachtaí uathu féin
nádúr an duine; cineál, nádúr, cneastacht
cineál de shiosúr mór le caoirigh a bhearradh
cineál crua cloiche ar féidir spréacha a bhaint aisti go héasca le smut de chruach
cineál faoileáin a bhfuil droim dubh air
éan de chineál an loin a bhfuil clúmh gléasta dorcha air agus spotaí liathbhána ann
cineál feamainne ata an-choitianta
neamhchosúil; difriúil, de chineál eile
cineál arbhair a úsáidtear mar ábhar leanna agus biotáille
aon rud mór dá chineál; spaisteoir, leisceoir; turasóir
crann de chineál na beithe a fhásann i dtalamh fliuch
éan mór dubh gléasta de chineál an phréacháin
planda a dhreapann suas nó a fhásann ar feadh na talún (go mór mór an cineál a bhfásann fíonchaora air); fíonghort
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht