SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tarraingt de dhorn nó d'arm ar dhuine nó ar rud; tarraingt speile in arbhar; tarraingt rámha in uisce; iarracht snámha; preabadh croí nó cuisle; bualadh cloig (ar bhuille a haon); caill, dochar (is mór an buille orthu é)
an craiceann crua ar chíste, screamh; brat crua (crústa seaca); caitheamh, buille (crústa de chloch, de dhorn)
lámh agus í dúnta go dlúth (agus na méara fillte sa dearna); buille de dhorn; lán doirn; miosúr sé horlaí nó mar sin; lámh nó cos uirlise (dorn claímh)
cóiriú, socrú (scéim a leagan amach); cloí (leag sé amach lena dhorn é); ordú (obair a leagan amach do dhuine)
miosúr; tógáil miosúir (teach, talamh, a thomhas); caitheamh tuairime (tomhais cé atá anseo); ceist le réiteach (tomhas a chur ar dhuine); bagairt (thomhais sé a dhorn liom); meá, meas (caint thomhaiste)