Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: foighneamh · foirneach · fóireamh · foréigneach · foriamh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
foirgneamh fir1 aon rud, ar nós teach, túr etc., atá tógtha nó curtha suas; tógáil nó bailiúchán tógálacha foirgneoir fir3 foirgneoireacht bain3
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
áit chónaithe (áras duit féin); iostas (áras na hoíche); teach, foirgneamh; árthach (árais tí); broinn (in áras an chléibh)
cábóg, duine gan stuaim; foirgneamh gan slacht
corp an duine seachas an ceann agus na géaga; an chuid de ghúna a chlúdaíonn an chabhail, cabhaileog; (le feithicil, foirgneamh etc.) creatlach, fráma
spás a bhfuil foirgnimh nó fál thart air
cumann a thagann le chéile ó am go ham chun gnó áirithe a dhéanamh; an foirgneamh a dtagann siad le chéile ann, clubtheach
piléar ina sheasamh díreach mar thaca nó mar mhaisiú ar fhoirgneamh; rannóg ingearach ar leathanach clóbhuailte (colún nuachtáin); liosta ingearach ainmneacha, figiúirí etc.; líne saighdiúirí
cruinniú idir breitheamh agus lucht dlí leis an dlí a riar; teach cúirte; pálás rí nó banríona (cúirt ríoga); mainéar, teach mór; spás atá iata isteach ag foirgnimh (cúirt caisleáin); réileán imeartha (cúirt leadóige)
foirgneamh láidir stóinsithe, tearmann; teach cónaithe
oscailt i mballa agus gloine inti chun solas agus aer a ligean isteach san fhoirgneamh; paiste solais sa spéir (fuinneoga an lae)
oscailt i ndeic loinge, nó in urlár nó i ndíon foirgnimh etc., agus comhla dhúnta air; an chomhla féin
seomraí foirgnimh faoi leibhéal na talún
cineál de chloch aoil chrua a thógann snas agus a úsáidtear le foirgnimh áirithe a mhaisiú (Déantar dealbha agus ornáidí áille as freisin)
foirgneamh atá ina thuama agus ina leacht
foirgneamh a ndéantar earraí don mhargadh ann
puball mór; foirgneamh a úsáideann imreoirí chun éadaí a athrú, etc.
foirgneamh a dtaispeántar scannáin nó pictiúir bheo ann
ceann de na staiceanna móra adhmaid nó miotail a thiomáintear síos sa talamh mar bhonn tógála faoi fhoirgneamh nó faoi dhroichead mór; piarda
fíor sholadach a bhfuil triantán mar bhonn agus mar thrí thaobh uirthi agus í ag teacht chun pointe ag a barr; aon fhoirgneamh den déantús seo, go háirithe na cinn a tógadh fadó san Éigipt timpeall ar thuamaí
líníocht gharbh d'fhoirgneamh, de bhaile etc., amhail is dá mba ón aer a bheifí ag féachaint air; scéim nó seift
foirgneamh a gcoinnítear coirpigh faoi ghlas ann ar feadh téarmaí éagsúla; téarma coinneála amhlaidh
foirgneamh le teileascóip chun a bheith ag faire ar imeachtaí na spéire, réaltaí etc.
stáitse de thacaí miotail agus d'ardáin d'oibrithe ar fhoirgnimh
ceann den dá ghéag a n-eitlíonn éan leo; géag duine; cliathán (sciathán foirgnimh, airm); blúire (sciathán tobac)
foirgneamh a gcoinnítear agus a gcothaítear capaill ann
ceardlann ealaíontóra nó grianghrafadóra; foirgneamh a ndéantar scannáin ann; seomra a gcraoltar cláir raidió nó teilifíse as
foirgneamh cónaithe; foirgneamh poiblí (teach parlaiminte, teach pobail); struchtúr cosúil le teach (teach gloine, teach stiúrach)
foirgneamh atá roinnte ina árasáin, go háirithe agus cuid mhaith muiríneacha ann
foirgneamh caol ard leis féin nó mar chuid d'eaglais etc. (túr faire, túr uisce)
an chuid de sheomra atá faoi do chosa; stór foirgnimh (teach dhá urlár); talamh leibhéalta (urlár buailte; urlár bachta, gleanna)
cineál balcóine agus díon air le haghaidh nó le taobh foirgnimh (ar chothrom na talún de ghnáth)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht