Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: paiste · piste · aiste · pacáiste · páis
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
páiste fir4 duine beag óg; mac nó iníon
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
súgradh ar nós an pháiste, crostacht
tógáil páistí taobh amuigh dá dteaghlach féin (máthair altrama)
duine sí a mbeadh eagla ar pháistí go gcasfaí orthu san oíche é; fear bréige le héin a scanrú as gort arbhair
nach bhfuil mór (teach beag); nach bhfuil fásta suas (páistí beaga); nach bhfuil chomh mór (an ceann beag); nach bhfuil fada (tamall beag); nach bhfuil ard (torann beag); nach bhfuil iomlán nó nach maireann i bhfad (faoiseamh beag); nach bhfuil mórthairbheach (pinginí beaga a shaothrú); nach bhfuil i bhfad uainn (ar ball beag); nach bhfuil iomadúil (scata beag); atá sóisearach (Brian beag); ar díol ceana é (a mháthair bheag); ar díol trua nó tarcaisne é (duine beag dearóil)
rud a mbíonn páiste ag imirt leis
scoil náisiúnta do pháistí
páiste baineann; bean óg shingil; seirbhíseach mná (cailín aimsire)
rud adhmaid i bhfoirm capaill a mharcaíonn páistí chun súgartha
ciúnú, maolú (páistí, fearg a cheansú); smachtú (capall a cheansú)
cur ina cheart, leasú (locht a cheartú); cur ar an mbóthar ceart, cur múineadh ar (páistí a cheartú); deasú, díriú
páistí aon lánúine; cine, sliocht (Clann Dónaill, Clanna Gael)
tuáille beag clúdaigh (do pháiste)
cur fút, maireachtáil (áit chónaithe, scoil chónaithe); suan, suaimhneas (na páistí a chur faoi chónaí); stad, stopadh (ní dhearna sé stad ná cónaí)
rud ar aon déanamh le + nó x; fráma mór adhmaid a gcrochtaí duine a bheadh daortha air fadó; siombail an chreidimh Chríostaí; angar, pionós (na crosa atá i ndán dúinn); cosc, bac (cros a chur in éadan ruda); dochar, millteanas (páistí ag déanamh cros)
achrannach; trioblóideach, deacair (ceist chrosta); (le páiste) mírialta, mí-iomprach
leaba do pháiste, cliatháin arda uirthi agus lataí cosanta
páiste a bhfuil a thuismitheoirí marbh
páiste
iarratas dian, iarraidh ruda mar cheart (d'éiligh sé go raibh an ceart aige); lorg (ag éileamh an chíosa); iarraidh, ráchairt (éileamh mór a bheith ar bhailéid; níl éileamh aige ar a chuid); gearán, cásamh (ag éileamh as aicíd; ag éileamh ar na páistí)
gan a bheith mínithe nó saothraithe ag an duine (ainmhithe fiáine, bláthanna fiáine); gan smacht (fear fiáin; páistí ag imeacht fiáin); díocasach (fiáin chun oibre); stoirmiúil (lá fiáin gaoithe)
cluiche ina dtéann páistí i bhfolach ar a chéile
leanbh, páiste
dráma Nollag do pháistí bunaithe ar scéal sí le damhsa agus amhráin agus áilteoireacht
saolú duine; duine saolaithe, páiste, sliocht (gin mhic, iníne)
grá beag; láínteacht, muirniú (le páiste)
páiste a fhágtar nó a thógtar (sna scéalta sí); breoiteachán; duine nó rud gan mhaith
gan neart, gan a bheith láidir; gan chumhacht (tír lag); gan éifeacht (freagra, iarracht, lag; creideamh lag); gan substaint (fíon, tae, lag); gan a bheith aibí (páistí laga); beag (is lag a shíl mé go)
siúl ar na lámha agus ar na glúine ar nós páiste óg
duine beag óg, páiste
donán beag óg; leanbh, páiste
clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal
duine a dhéanann éadaí do mhná agus do chailíní agus do pháistí
cairdiúil, cneasta, cineálta (comharsa mhaith é); dea-iomprach (páistí maithe); den chineál ceart (talamh maith); sásúil, folláin (bia maith); fónta (peann maith); cumasach (oibrí maith); ceart, cóir (cúis mhaith); oiriúnach (lóistín maith); muiníneach (cuimhne mhaith); fabhrach, taitneamhach (scéala maith); mór, fiúntach (suim mhaith airgid); láidir, tréan (greasáil mhaith); (mar fhocal treisithe)(baile maith mór, anonn go maith sa bhliain)
mí-ádh; cúis trioblóide (tá an mífhortún ar na páistí sin)
ceann de na meallta beaga gloine a n-imríonn páistí leo
páiste óg
cosúil le páiste, páistiúil; óg, úr; álainn
ar nós páiste, leanbaí
páiste óg leis na hIndiaigh Dhearga i Meiriceá Thuaidh
fonsa beag iarainn nó adhmaid a rollann páistí le bata
grúpa daoine den aon aicme amháin, mar shampla páistí sa bhliain chéanna ar scoil; líne daoine; céim (tá siad ar aon rang amháin)
duine léannta (scoláire Laidine); páiste scoile
scríobh gan dealramh; marcanna gan bhrí (mar a dhéanfadh páiste óg nach bhfuil léamh ná scríobh fós aige)
díorma beag saighdiúirí; ál, scata (scuad páistí, scuad míoltóg)
duine seanchríonna; páiste cabanta
sióg bheag; iarlais; páiste seanchríonna; duine lag dearóil
riail, ceannas (faoi smacht gall); srian, araíocht (smacht a chur ar na páistí)
a ghluaiseann go réidh; furasta a aistriú nó a chorraí; athraitheach, neamhbhuan; ar fáil go réidh, áisiúil (má tá sé soghluaiste agat); géilliúil, réasúnta (páiste soghluaiste)
greann, sult, cluichí agus caitheamh aimsire; seó (is mór an spórt an páiste sin)
clár leathan adhmaid nó miotail ar insí ar dheireadh báid nó eitleáin lena stiúradh; smacht (stiúir a chur ar pháistí); claonadh, gotha, geáitse (stiúir chainte, throda; stiúir bháistí ar an lá); cuma, fuadar (tá stiúir nimhe air)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht