SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
rópa nó strapa ar cheann capaill, asail etc., chun é a sheoladh nó a cheangal
leaba luascáin de líontán nó de chanbhás agus í crochta le rópaí ar gach ceann di
rópa nó slabhra teann láidir; sreang leictreachais nó teileafóin
rud a thochras thart ar rud eile (rópa a chasadh); lúbadh (do mhurnán a chasadh); dul thart nó cur thart (roth a chasadh); filleadh ar ais (casadh abhaile); seinm, canadh (amhrán, port, a chasadh); bualadh le (castar na daoine ar a chéile); cur i leith (ní á chasadh leat é); lúb, cor (bóthar lán de chastaí); rince (rud a chur ar casadh)
feistiú nó greamú le rópa, corda etc.; rópa nó corda ceangail (bain an ceangal de); dualgas (níl ceangal orm é a dhéanamh)
rópa nó strapa chun ainmhí a sheoladh leis
ainm ar phlandaí éagsúla a thugann ábhar snáithíneach as a ndéantar rópaí etc.
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
ciorcal nó casadh de rópa
ribe (dlaoi ghruaige, féir); triopall, dos, slám; dual (de rópa)
lúba de rópa, súil ribe, gaiste; cor (éisc, lín etc.); babhta (tá dol eile sneachta air); gasra, scata; suim (dol maith airgid)
slat láidir sailí; rópa (gad éisc; ropaire gaid)
cleasa leis an gcorp a aclú; cleasa cliste, ar nós siúl ar rópa
rópa chun seolta, bratacha etc. a ardú nó a ísliú
rópa beag ceangail i mbád; corda feadóige timpeall an mhuiníl
aon mharc fada caol; sreang, corda nó rópa; sraith daoine nó rudaí (líne saighdiúirí, seasamh i líne); sraith focal trasna leathanaigh (líne filíochta, cúpla líne a léamh); seirbhís iompair (líne loingis, busanna); ginealach, cine, fine; glúin (an líne atá suas inniu); éillín
maide crochta ar dhá rópa le bheith ag luascadh agus ag gleacaíocht air
stuif láidir tacair a fhaightear as peitriliam, agus a ndéantar stocaí, léinte, rópaí, scuaba etc. as
rópa agus é spíonta chun cácála
áras campála d'éadach láidir sínte ar chuaillí agus é daingnithe sa talamh le rópaí is le pionnaí
casadh beag i rópa, caisirnín
léimneach de dhroim rópa atá á chasadh thart
scrogall; píosa scáinte (i rópa, snáth, etc.)
lúb reatha ar cheann rópa nó corda agus nach gá ach tarraingt a bhaint aisti chun í a fháscadh; fáinne; leicneán
rópa greamaithe de chúinne íseal seoil leis an seol a ionramháil chun breith i gceart ar an ngaoth, scód
ceangal a dhéantar ar chorda nó rópa trína dhá gceann a lúbadh ar a chéile agus a tharraingt ansin chun iad a fháscadh; aon chineál ceangail (snaidhm an phósta; bhí snaidhm ar mo chroí); fadhb; buille
rópaí, ulóga etc., chun ualaí a ardú; rigín (loinge)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
rópa, cábla; sreang (téad fidle, cláirsí)
píosa de rópa, corda, coirdín
cromán nó hanla chun roth meaisín a chasadh nó chun rópa nó cáblaí etc., a tharraingt isteach; meaisín a úsáidtear chun ardaithe