Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: stádar · staide · steandar · sticéara · straiféad
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
staidéar fir1 déanamh léinn, foghlaim; machnamh (dul ar staidéar; glac staidéar leis); ciall, meabhair (bíodh staidéar ionat; cuir staidéar iontu); stad, lonnú (cá bhfuil staidéar oraibh?) staidéarach aid1 staidéaracht bain3
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
struchtúr fisiciúil coirp; staidéar ar an struchtúr seo tar éis an corp a ghearradh suas ina chodanna ar leith
staidéar ar armas agus ar ghinealach ciníocha
léann nó staidéar sna réimsí is airde
seanaois; seandacht; staidéar ar iarsmaí agus ar nithe seanda
duine a dhéanann staidéar ar rudaí ársa nó a bhailíonn iad
duine a dhéanann staidéar ar na réaltaí agus a dhéanann fáistineacht
staidéar ar na bealaí ina bhfásann agus a maireann ainmhithe agus plandaí
cúrsa staidéir, go háirithe i scoil nó in ollscoil
an bealach nó an treo ina ngluaiseann rud, turas timpeall (cúrsa na gréine; tá a chúrsa rite); raon, réimse (cúrsa scoile, cúrsa staidéir); rud, ní (cúrsaí an tsaoil, cúrsaí airgid); cúis, cás (ní cúrsaí magaidh é); ócáid, uair (bhí mé ann cúrsa)
staidéar ar chúrsaí sóisialta
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
bainistíocht cúrsaí airgid; staidéar ar tháirgeacht agus ar dhíol earraí agus ar reáchtáil an gheilleagair
duine a dhéanann staidéar ar fhealsúnacht; duine a ghránn eolas agus eagna
staidéar ar a bhfuil d'eolas ceart ann faoi phrionsabail iompair an duine agus na cruinne agus bhundlíthe na cruinne; fíor-réasúnaíocht faoi nádúr agus thairbhe rudaí
staidéar ar conas a fhásann agus a mhaireann ainmhithe agus plandaí
fuaimniú focal; staidéar ar fhuaimniú teanga
bun, bonn; bunphrionsabal (foras feasa); staidéar, socracht, cónaí (níor tháinig suí ná foras air); fondúireacht, institiúid
(le bád etc.) luascánach, baoth, neamhshocair; (le duine) gan staidéar, gan fuaimint
staidéar ar leachtanna ag gluaiseacht (ar nós uisce i bpíopaí)
lúfar, bríomhar, anamúil; tugtha, luite (ligthe ar an ól, le staidéar)
oiriúnach ceart; tugtha, ceanúil (luiteach le staidéar)
duine a bhíonn ag déanamh staidéir ar ábhar léinn, go háirithe ar scoil nó ar coláiste
staidéar ar uimhreacha agus ar spásanna agus ar chainníochtaí
duine a bhíonn ag staidéar ar an aimsir agus ar chúrsaí réamhfhaisnéis na haimsire
staidéar ar chúrsaí rialtais; cúrsaí polaitiúla
seift raidió chun eitleáin, long etc., a aimsiú i gceo nó i ndorchadas (Is féidir a n-achar agus a suíomh a dhéanamh amach le staidéar a dhéanamh ar phictiúr a thagann ar scáileán radair)
duine a dhéanann staidéar ar na réaltaí nó ar chúrsaí na haimsire; duine atá stóinsithe ina thuairimí
duine a dhéanann staidéar eolaíoch ar na réaltaí
duine a bhfuil staidéar speisialta déanta aige ar bhrainse eolais áirithe
ársaíocht, staidéar ar iarsmaí agus ar thaisí ón seanreacht
eolaí a dhéanann staidéar ar aigne agus ar oibreacha intinne an duine
a bhaineann le staidéar agus le cóireáil ar ghalar meabhrach
staidéar ar rialacha sláinte agus glanachair
duine a dhéanann staidéar ar ghnáthshaol daoine ó lá go lá mar bhaill de chumainn shóisialta (i gcomórtas leis an síceolaí a dhéanann staidéar ar an duine aonair)
duine a dhéanann staidéar nó obair i mbrainse áirithe eolais nó gnó
ball troscáin le suí air; seisiún, suí (b'fhada an suíochán é); suíomh, staidéar (bainne a chur i gcíléar ar suíochán)
duine a dhéanann staidéar ar bhrainsí eolaíochta a bhfuil feidhmeanna praiticiúla leo
staidéar ar eolaíocht shaol na tuaithe
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht