SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na deora a thagann amach tríd an gcraiceann le teas nó le saothar
teacht tríd an gcuid is dainséaraí de ghalar
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
briseadh i gclaí nó i mballa ar féidir dul tríd; aon bhriseadh cosúil leis sin
stua álainn le dathanna éagsúla a bhíonn le feiceáil sa spéir nuair a shoilsíonn an ghrian tríd an bhfearthainn, tuar ceatha
cumas rud a mhothú tríd an tsrón; cumhracht, bréine, etc.; an chéadfa a mhothaíonn cumhracht, bréine etc.
briseadh gaoithe as an ngoile tríd an mbéal; briseadh amach tobann (brúcht uisce, deataigh, fola)
píosa de pháipéar crua le figiúirí (chun cluichí cártaí a imirt); pictiúr nó léaráid agus cló, le cur tríd an bpost
mothú mar a bheadh drithlíní ag rith tríd an bhfuil, griofadach
mianach crua a ligeann an solas tríd; gloine ghléineach
tiubh ar a chéile, gar dá chéile; deacair gabháil tríd (coill dhlúth); dian, daingean
ciorcal samhailteach a ghabhann tríd an Mol Thuaidh agus an Mol Theas agus trí aon bhall eile is maith leat ar dhroim an domhain (Gabhann an príomhcheann acu trí Ghreenwich Shasana)
den ghnéas a dhéanann rudaí óga tríd an mbaineannach a thoirchiú
oscailt i gclaí nó i bhfál le dul isteach nó amach tríd cosúil le doras; bac slí is féidir a dhúnadh agus a oscailt
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
ábhar mar a bhíonn i bhfuinneoga a ligeann an solas tríd; scáthán; (iol ) spéaclaí; árthach gloine (gloiní boird) nó a lán sin (gloine fíona, gloine uisce)
clúdach nó deighilt le stuif (rubar nó plaisteach mar shampla) nach ligeann teas nó leictreachas tríd (Bíonn sreanga leictreachais inslithe)
milseog déanta as bainne ramhar géar agus sú torthaí tríd go minic
tríd is tríd, den chuid is mó
táirgeadh earraí ina mbulc le meaisín ar an bpatrún ceannann céanna tríd síos
oscailt i rud nó tríd; spás folamh (poll eochrach, poll sróine; rud a chur i bpoll); cúil, carn (poll prátaí, gairbhéil, móna); log, linn (poll uisce, poll snámha); farraige (dul go tóin poill); pluais (poll róin, poll coinín); áit ghránna (poll dubh; cé a mhairfeadh sa pholl sin?)
(le crann, tor etc.) a fhanann glas tríd an mbliain amach
gluaiseacht ar barr uisce nó thíos faoi nó tríd le cabhair na ngéag nó le heití agus eireaball; cumas snámha (níl aon snámh aige); cineál snámha (snámh brollaigh, snámh droma); sní, sleamhnú (eascann ag snámh ar an talamh); máinneáil (ag snámh thart)
púdar tobac a shúitear tríd an tsrón; aon ábhar tirim atá ina phúdar
(le cosán etc.) ar féidir gabháil tríd, sothriallta
torann a thagann as an scornach le linn codlata ó bheith ag análú tríd an mbéal agus tríd an tsrón
píosaí miotail a thagann tríd an aer as pléascán nó as buama
ag teacht tríd an tsrón (labhairt go srónach); fiosrach; drochmheasúil
líne dhíreach a theagmhaíonn le cuar gan gearradh tríd
líonadh agus trá na farraige dhá uair sa lá trí tharraingt na gréine agus na gealaí; tuile agus aife na farraige; sruth ag rith tríd an bhfarraige le linn tuile nó aife; tamall maith
clúdach le hábhar a choinníonn teas ó dhul tríd
rud is féidir a chruthú a bheith fíor tríd an réasúnaíocht a mhíníu céim ar chéim
ainmhí mór uafásach de chineál an chait a fhaightear san Áise, a bhfuil fionnadh crón air agus stríoca dubha tríd
furasta feiceáil tríd, ar nós gloine
a ligeann amharc solais tríd gan a bheith trédhearcach
ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé)