Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aobh · taobhú · tarbh · tobh · aobha
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
taobh1, m. (gs. -oibh, pl. ~anna). Side. 1. ~ bosca, carraige, side of box, of rock. ~ boird, cathaoireach, side of table, of chair. ~ cnoic, sléibhe, side of hill, of mountain. ~ duilleoige, cláir, side of leaf, of board. Ar thaobh a chinn, a leicinn, on the side of his head, of his cheek. Dhá thaobh an bhalla, the two sides of the wall. ~ an tsoiscéil den altóir, the gospel side of the altar. Na cinn agus na ~anna, the ends and sides. Ó thaobh (go) ~ an tí, from one side of the house to the other. Ag gabháil ó thaobh go ~, going from side to side, lurching, zig-zagging. Rud a chur ar a thaobh, to turn sth. over on its side. Tá an soitheach ina luí ar a ~, the vessel is on her beam-ends. Fig:Bíonn dhá thaobh ar an mbád, ar an mbileog, there are two sides to every story. 2. Border, edge. Ag siúl le ~ na habhann, walking by the side of the river. Ar thaobh an bhóthair, on the side of the road. Bhí sé ag tabhairt dhá thaobh an bhóthair leis, he was zig-zagging along the road. Ag ~ an locha, at the side of the lake. 3. Part bounded by side(s). Bhí siad ina seasamh i d~ an halla, they were standing along the side of the hall. Fág i d~ na cistine é, leave it at the side of the kitchen. Threabh sé ~ amháin den pháirc, he ploughed one side of the field. An ~ istigh, the inner side; the inner part, the interior. An ~ amuigh, the outside, the exterior. Bíodh an ~ amuigh agat, get out. S.a. dochar 2, sochar 1(c).4. Flank. ~ duine, ainmhí, side of person, of animal. An ~ deas, clé, the right, left, side. Pian sa ~, pain in the side. Bhí sé sínte ar a thaobh, he was stretched on his side. Caitheadh i leith a thaoibh é, he was thrown sideways. Thángamar orthu de lorg a dtaoibh, we took them on the flank. Le mo thaobh, by my side. 5.Aspect, direction. ~ na láimhe deise, na láimhe clé, the right-hand, left-hand, side. An ~ deisil, tuathail, de rud, the right, wrong, side of sth. An ~ theas, thuaidh, the south, north, side. An ~ siar den tír, the part of the country lying towards the west. ~ an fhoscaidh, na gréine, the sheltered, sunny, side. An ~ atá linn, the side facing us. Ón ~ sin, from that direction. Tá radharc maith air ón ~ seo, there is a good view of it from this side. Cén ~ a bhfuil an chathair? In which direction is the city? Cén ~ a ndeachaigh siad? Which way did they go? Ar gach ~, on all sides. Dul ~ na gaoithe den oileán, to pass to windward of the island. Tháinig sé ó thaobh na gaoithe orm, he got on the soft side of me. 6. Region. ~ tíre, countryside. Tá ~ na tíre fúthu, they have the run of the countryside. An ~ seo tíre, den tír, this part of the country. Ní fhaca mé an ~ seo le fada iad, I haven’t seen them in these parts for a long time. 7. Point of view, attitude. An dá thaobh den scéal, the two sides of the story. Le dearcadh ó thaobh eile air, to look at it from another angle. Ó mo thaobh féin de, as far as I am concerned. Sin do thaobhsa den scéal, that is your side of the story. 8. Party, team, faction, cause. An ~ a bhfuil mé leis, the side I am on. An ~ a chaill an báire, the side that lost the contest. Ní raibh sé ar thaobh ná ar thaobh eile, he didn’t support either side, take any side in the argument. An dá thaobh a thabhairt leat, to curry favour with both sides, to be a double-dealer. An bhfuil tú ar mo thaobh nó i m’éadan? Are you with me or against me? 9. Line of descent. An dá thaobh den teaghlach, both sides of the family. Lean sé ~ a athar, he took after his father’s side. Tá sí gaolmhar dúinn ó thaobh a máthar, she is related to us on her mother’s side. Thug sé sin leis ó thaobh na dtaobhanna, his people on both sides were like that. 10. Lit: Page (of book). 11. Side-patch. ~ a chur ar bhróg, to patch the side of a shoe. 12. Reliance, dependence, recourse, resort. ~ a thabhairt le duine, to rely on s.o. Ná tabhair ~ leis na mionnaí móra, don’t resort to swear-words. 13. (In prep. phrases) (a)~ le, i d~ le, relying, depending, on; confined to. Bheith i d~ le rud, to be depending on sth. Tá sé ~ leis féin, he has to fend for himself; he is all alone. Níor fhan siad ~ leis sin, they didn’t confine themselves to that. Dá mbeadh sé ~ leis sin, if it had stopped at that. Tá an oiread sin ann, má tá sé ~ leis, there is that much in it, if not more. (b)I d~, about, concerning. I d~ ruda, concerning sth. Bhí mé ag caint leis ina thaobh, I was talking to him about it. I d~ do litreach, as regards your letter. I mo thaobhsa de, as far as I am concerned. Cad ina thaobh? Why? F:Gach aon ~! Every why! Níl aon ~! No why! (c)Lit:Do thaobh, in regard to. Do thaobh na ngrás a tugadh dó, with regard to the graces he received. (d)Le ~, beside, compared with; besides, in addition to. Is beag é lena thaobh sin, it is little compared with that. Le ~ gach sochair eile dá raibh acu as, along with every other benefit they had from it. (e)Fá d~ de, about, around, concerning. Thart fá d~ den teach, round about the house. Níl a fhios agam a dhath fá d~ de, I know nothing about it. (f) (With adverbs of place) ~ abhus den droim, on this side of the ridge. ~ amuigh den gheata, outside the gate. ~ amuigh de sin, apart from that. Ar an ~ amuigh de, at most. Chuaigh sé ~ amach, he went outside. ~ istigh den doras, inside the door. ~ istigh de bhliain, within a year. Dul ~ istigh de dhuine, to get on the inside of s.o.; to oust, outsmart, s.o. ~ thall den teorainn, on the other side of the border. Dul ~ thall de dhuine, to circumvent s.o. ~ thiar den chnoc, on the west side of the hill; behind the hill. Tá rud éigin ~ thiar de sin aige, he has something other than that at the back of his mind. ~ thoir den tSionainn, east of the Shannon. ~ theas, thuaidh, den Bhóinn, south, north, of the Boyne. ~ seo (de) Phort Láirge, on this side of Waterford. S.a. anonn 1. 14. (In conj. phrases) (a)I d~ (is) go, because. Ní i d~ mé a rá leat, not because I say it to you. (b)Le ~, compared to. Le ~ a bheith sáite sa chlúid, compared to being stuck in the corner. 15. (In adv. phrases) (a)D’aon ~, on one side, together, united. Fir Éireann uile d’aon ~, all the men of Ireland together. Ag imirt ár gcleas d’aon ~, performing our feats side by side. S.a. cos 1. (b)~le ~, side by side. Throid, thit, siad ~ le ~, they fought, fell, side by side. (c)Lit:Do thaobh, to one side, sideways. Scinneadh do thaobh, to dart sideways. (Var:npl. ~a, gpl. ~; f, gs. taoibhe)
taobh2 = taobhaigh1.
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
go, i dtaobh a rá go, because.
Taobh ~ den loch, on this side of the lake.
D’~eas Aoibheall taobh liom, I dreamt I saw Aoibheall by my side.
Ná cuir taobh tuathail ~ é, don’t turn it inside out.
Bhí sé ~ leis féin i dtaobh dul ann, he regretted going there.
As an taobh, an aird, ~, from the western side, direction.
Níl dul taobh ~ de sin, that cannot be gainsaid.
D’~ taobh, d’~ leith, on one side, united.
Tá dhá thaobh air, it has two sides.
Tá dhá thaobh ar an mbád, there are two sides to the story.
Bhí dhá thaobh an bhealaigh leis, he was zig-zagging, staggering, along the road.
~ taobh amuigh de ghob, insincere speech.
Taobh na mban, the female line, distaff side.
~ a dhá thaobh ar a chéile, press the two sides of it together; flatten it out.
~eadh sa taobh é, his side became paralysed.
Tá a dhá thaobh ~te ar a chéile, its two sides are pressed together; he is extremely thin.
Taobh ~ de rud, the wrong side of sth.
Chuir sé air a chasóg taobh ~, he put on his coat inside out.
~ ina thaobh? (i) What about it? (ii) Why?
Teacht taobh na súile caoiche ar dhuine, to get on the blind side of s.o.
An taobh ~, the right, proper, side.
In aghaidh, os coinne, le taobh, a chéile, against, opposite, beside, each other. (Of thing itself in relation to its parts)
Ar an taobh clé, ar thaobh na láimhe ~, on the left-hand side.
Chuir sé a dhá chos d’aon taobh, he gathered himself, became resolute.
Dá gcuirfeá an taobh dearg de do chraiceann amach, no matter how much you may rave and storm.
Ag ~eadh anonn is anall, ó thaobh go taobh, shaking, waving, back and forth, from side to side.
Níl ann ach caitheamh ~eanna (le taobh), it is only child’s-play (compared to).
Taobh abhus den abhainn, on the near side of the river.
B’fhearr liom a bheith lena thaobh ná ina dheabhaidh, I’d rather be with him than against him.
An taobh ó dheas, the southerly part.
Ar an taobh deas; ar thaobh na láimhe deise, on the right-hand side.
An taobh ~ (den éadach) a chur amach, to put the right side (of the cloth) out.
An taobh deisil, the right-hand side; the right side
Taobh an dochair, the debit side.
Ba dhual dó sin ón dá thaobh, he took that from both sides of his family.
Níl ~ thar a, ~ taobh anonn dá, fhocal, one can’t go beyond his statement; he can’t be gainsaid.
Taobh na bh~, the men’s side; the male line.
Taobh an fhoscaidh, sheltered, lee, side.
Ar thaobh na fothana, on the sheltered, leeward, side.
Ar ~ aon taobh, on all sides.
~ dhá bhruach, an dá thaobh den abhainn, between two banks, the two sides of the river.
An taobh ~ de rud, the inside of sth.
Taobh ~ de, within.
Taobh ~ d’achar áirithe, within a certain time.
Ar do ~ chlé, ar thaobh do láimhe clé, on your left-hand side.
Ná bíodh dhá thaobh an bhealaigh mhóir leat, don’t be going from side to side of the road.
Poll, taobh, an leideora, prompter’s box, prompt-side.
Bhí an bád ag luí ar a taobh, the boat was listing to one side.
Tá an chruach ag luí amach ar an taobh seo, the stack is leaning over on this side.
Ná habair ~ ná graithín ina thaobh, say nothing good or bad, nothing whatever, about it.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht