féad, aux.v. (vn. ~achtáil). 1. Be able to. Má fhéadaim obair a fháil, if I can get work. Rinne sé ar fhéad sé, he did all he could. Nach bhféadfá fanacht? Could you not stay? Dhéanfainn é dá bhféadfainn, I would do it if I could. Chomh maith is a d’fhéad sé, as well as he was able. Ní fhéadfaí a bheith ag súil leis, it couldn’t be expected. D’fhéadfadh sé a bheith fíor, it might be true. ~faidh sé sneachta a dhéanamh, it may snow. ~ann tú imeacht, you may go. ~aim a rá (go), I may say (that). ~ann sé go bhfuil an ceart agat, it may be that you are right. ~ann tú a bheith ag caint (ach. . .), you may say what you like (but. . .). Go bhféadfadh! It could be! 2. Ought to. ~ann tú áthas a bheith ort, you may well rejoice. D’fhéad tú mo chomhairle a ghlacadh, you might have taken my advice. D’fhéad tú labhairt leis, you should have spoken to him. Ní fhéadann tú eagla a bheith ort, you needn’t be afraid. ~ann tú a bheith ar d’fhaichill orthu, you may beware of them.