Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: sort · spórt · ort · róst · scór
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
sórt, m. (gs. & npl. sóirt, gpl. ~).Sort; kind, variety. 1. An ~ duine atá ann, the sort of person he is. An ~ aimsire a bhí againn, the sort of weather we had. Rudaí den ~ sin, such things. Gloine de shórt éigin, a glass of some sort. Daoine dá ~, people of their stamp. Diúlach dá shórt féin, a fellow like himself. Ball maith dá shórt, a good article of its kind. Ná habair dada dá shórt, say nothing of the sort. Bhí gach uile shórt dá fheabhas acu, they had everything of the best. Idir gach uile shórt, between one thing and another. Ach le gach uile shórt d’imigh sé, but finally he went away. S.a. comhartha 8. 2. Bhí ~ eagla orthu, they were a bit afraid. Thug mé ~ déanaimh air, I did it in a sort of way. Tá ~ pinn agam, I have a pen of sorts. Fuair sí ~ fir, she got a husband of sorts. 3. (As adv.) ~ amaideach, déanach, somewhat foolish, late.
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
~í (aithne, sóirt), identifying marks; description, appearance.
Tugadh a chomharthaí (sóirt) dom, I was given a description of him.
Ní cóta a bhí air ach ~í sóirt, he was not wearing a coat but only an excuse for one.
Léifidh mé dó cén sórt duine é, I’ll let him know what sort of person he is.
~ dá sórt, more of their sort.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht