affect1, v.tr.1aCleachtaim (siúl, éadach). bHe affects to be an artist, cuireann sé i gcéill gur ealaíontóir é. He affects big words, cumann sé caint ghalánta dó féin. He affects the high-brow, cuireann sé i gcéill gur duine intleachtach atá ann. cLigim orm. He affects stupidity, ligeann sé air féin go bhfuil sé dallintinneach. 2(Of animals) Taithíonn (tír, dúiche).
affect2, v.tr.1aCuirim isteach ar, téim i bhfeidhm ar, imríonn ar. The cost of printing affects it, tá baint ag costas na clódóireachta leis. The climate is affecting his health, tá an aeráid ag goilleadh ar a shláinte. It affects me personally, tá baint ar leith aige liomsa. bIt affected his heart, chuaigh sé faoin gcroí aige. That does not affect the matter, ní bhaineann sin leis an scéal. That affected the course of the war, chuaigh sin i bhfeidhm ar chúrsaí an chogaidh. 2Goilleann ar, scrúdann. I was affected by the sight of it, tháinig tocht orm nuair a chonaic mé é.