pace1, s.1Coiscéim f. Ten paces off, deich gcoiscéim ó láthair. 2aPaces of a horse, imeacht m, siúl m, capaill. To put a horse through its paces, capall a thástáil. To put s.o. through his paces, duine a chur tríd an muileann. b(Speed) Luas m, siúl m. To gather pace, siúl a thógáil; géarú sa siúl. At a good, a smart, pace, faoi shiúl beo; faoi chruashiúl. At a walking pace, de réir do choise; ar chéim siúil. He was walking at a rapid pace, bhí siúl géar leis. To quicken one's pace, do choiscéim a ghéarú; géarú ar do chois. To set, make, the pace, (i) Sp: dul ar ceann riain; an luas a ghearradh; (ii) (of reaper) an mheitheal a tharraingt. To keep pace with s.o., cos a choinneáil le duine. F: To go the pace, dul chun drabhláis; scód a ligean leat féin. 3Equit: Falaireacht f.
pace2 .1v.i. aSiúlaim de choiscéim thomhaiste, de chéim chothrom. bEquit: Déanann falaireacht, gluaiseann ar choiscéim falaireachta. 2v.tr. aSiúlaim (an tsráid, etc.) de choiscéim thomhaiste, de chéim chothrom. bTo pace (off) a distance, fad a thomhas ina choiscéimeanna. cSp: Gearraim an luas do (reathaí, etc.).