DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dhá chnapán bheaga feola ar chúl na sróine a chuireann isteach ar an anáil nuair a atann siad
cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?)
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
ceann de na fiacla i gcúl an bhéil
an taobh thiar den chorp; cúl ruda (droim láimhe, coise; droim cathaoireach); barr nó mullach (droim na cruinne, droim bóthair, droim sléibhe); tonn
fanta, tréigthe, ar gcúl; cúlánta, gan fuinneamh, gan treoir, gan mhaith (is fágtha an duine é)
fáinne nó rud ar dhéanamh fáinne; (lúb i slabhra, cleas na lúibe; lúb ghruaige); cor, casadh (lúb abhann, lúb i mbóthar); cúinne, cúil, ciorcal (i lúb an ghleanna, na coille); líon, mogall lín (iasc i lúb, i lúba an diabhail); cor cniotála (lúb ar deiseal); crúca pota, corcáin; cor, cleas (is iomaí cor is lúb ann); haspa
cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
sprochaille cosúil le teanga bheag atá ar crochadh i gcúl an bhéil
an treo a dtéann an ghrian faoi; taobh an chúil nó an droma de rud (tá sé taobh thiar díom); ag an deireadh (i ndeireadh a shaoil thiar; tráthnóna thiar); i bhfad siar (thiar sa seanreacht); cúl (tá thiar orm le mo chuid oibre)
deireadh, rumpa; cúl (do thóin a thabhairt le duine); íochtar (tóin báid; tóin na farraige); an ceann is faide síos (tóin an tí, an baile); bonn (thit an tóin as)