force1, s.Fórsa m, neart m.1aÉigean m, forneart m, lámh f láidir. By sheer force, le corp nirt, le teann fornirt. By sheer force of will, le haonchorp tola. The force of circumstances, an éigeandáil. To resort to force, dul i muinín na láimhe láidre. To yield to force, géilleadh don neart, don fhoréigean. bCumhacht f, éifeacht f, cumas m, feidhm f. Force of example, cumhacht an tsampla. 2aFuinneamh m, treise f, neart m (buille, na gaoithe). He argued with much force that..., d'áitigh sé go bríomhar, fuinniúil, go . . . bMec: Fórsa m, neart m. Force of gravity, fórsa m imtharraingthe. Impulsive force, fórsa m tiomána. 3Neart m (míleata); sluaite mpl, líon m slua (an Stáit). The allied forces, fórsaí na gcomhghuaillithe. Land and sea forces, fórsaí talún agus mara. The police force, the Force, an Garda Síochána; na gardaí. A strong force of police, buíon f láidir gardaí. In (full) force, líon a slua, faoi lán nirt. 4aBrí f, éifeacht f (leighis). There is force in what you say, tá fuaimint le do chaint. I can't see the force of working for nothing, is díomhaoin liom mar ghnó obair ar dhada. bBrí f (focail). Verb used with passive force, briathar a chuireann faí chéasta in iúl, agus brí chéasta leis. 5(Of law) To be in force, bheith i bhfeidhm. The methods in force, na modhanna atá i bhfeidhm, in úsáid.
force2, v.tr.Éigním, foréigním, fórsálaim.1aTo force s.o.'s hand, iallach a chur ar dhuine beart a dhéanamh. To force the pace, géarú ar an luas thar meán. She forced a laugh, rinne sí gáire doicheallach. Cards: To force s.o.'s ace, tabhairt ar dhuine an t-aon a imirt. bGabhaim (duine, rud, seilbh) le forneart, le láimh láidir, le foréigean; éigním (bean); cuirim (doras, etc.) isteach; brisim (glas). He forced his way, sháigh, bhrúigh, sé roimhe. To force one's way into a house, dul de láimh láidir isteach i dteach, briseadh isteach i dteach. To force one's way into s.o.'s room, dul isteach i seomra duine dá ainneoincTo force sth. into sth., rud a bhrú isteach i rud eile. dTo force a plant, planda a luathbhorradh, tabhairt ar phlanda eascairt (roimh am). Aut: etc: To force the engine, strus a chur ar an inneall. F: To force a pupil, iomarca foghlama a chur siar ar scoláire. 2aTugaim ar (dhuine), cuirim iallach ar (dhuine) (rud a dhéanamh). The town was forced to capitulate, b'éigean don bhaile géilleadh. I am forced to admit that..., tá orm a admháil go..., caithfidh mé a admháil go . . . bTo force a nation into war, náisiún a thabhairt chun cogaidh dá ainneoin. cTo force an action on the enemy, an namhaid a chur i dteannta catha; gan dul ón gcath a thabhairt don namhaid, comhrac a bhrú ar an namhaid. To force food on s.o., bia a chur siar, a thathaint, ar dhuine. He forced his company on us, bhrúigh sé é féin orainn. dTo force sth. from s.o., rud a bhaint de dhuine le foréigean, le láimh láidir, dá ainneoin.