swing1, s.1aLuascadh m. To give sth. a swing, luascadh a bhaint as rud; rud a luascadh. bAut: To give the starting-handle a swing, casadh a bhaint as an láimh (dhúisithe). cBox: Buille m gualainne. Golf: Upward swing, downward swing, luascadh aníos, anuas. 2aLuascadh m. Pol: The swing of the pendulum, tuile agus trá na bpáirtithe. It is in full swing, tá sé faoi racht seoil. F: Sudden swing of public opinion, athrú tobann ar thuairim an phobail. Swing-to of the door, dúnadh an dorais uaidh féin. bTo give a child a swing, páiste a luascadh (ar chrochtín). 3aScóip f luasctha. bBogadaíl f (báid ar ancaire). 4To walk with a swing, siúl breá scóipiúil a bheith fút. Song that goes with a swing, amhrán a bhfuil gluaiseacht chroíúil leis. F: Everything worked with a swing, chuaigh gach sórt ar aghaidh bonn ar aon; bhí sruth agus gaoth le gach uile rud. When you have got into the swing of things, nuair éireos tú cleachtach leis na cúrsaí. 5Luascán m, crochtín m (do ghasúr). 6F: Luasc-cheol m.
swing2,Iv.i.1aLuascaim. To swing to and fro, luascadh, bogadh, anonn agus anall. To set the bells swinging, na cloig a chur ag luascadh. Door swinging to and fro in the wind, doras ar luascadh (anonn agus anall) leis an ngaoth. P: He'll swing for it, rincfidh sé ar ghad dá bharr. bCasann, iompaíonn (ar sclóin, etc.). The door swung on its hinges, luasc an doras ar a lúdracha. c(Of ship) The ship is swinging (at anchor), tá an long ag bogadaíl ar ancaire. 2Casann i leataobh, tugann cor. To swing round, casadh, iompú, timpeall, thart ; teacht thart. The car swung right round, tháinig an carr thart ar fad. Mil: The whole line swung to the left, chas an líne iomlán tuathal. 3He is swinging along, tá sé ag siúl leis go scóipiúil. IIv.tr.1aLuascaim, bogaim. To swing one's arms, na géaga a luascadh, a shuaitheadh. S.a. CAT 1, LEAD1 3. bP: To swing it on s.o., bob a bhualadh ar dhuine. 2aBoat swung out, bád crochta thar bord. bTo swing a car round, carr a thabhairt thart. cCasaim, bainim casadh as. Av: To swing the propeller, an lián a chasadh. 3To swing a hammock, leaba luascáin a chrochadh. 4v.tr. & i.He swung (himself) into the saddle, chuaigh sé d'aon iarracht, glan ascartha, sa diallait.