EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
sing , 1 v .tr . Canaim, gabhaim, deirim (amhrán, etc .). F : To sing small , éirí uiríseal, maolchluasach . To sing s.o. to sleep , duine a chealgadh a chodladh le suantraí . F : He is always singing the same song , is é píobaire an aonphoirt é . 2 v .i . Tá (gaoth) ag crónán, ag monabhar . My ears were singing , bhí ceol i mo chluasa . The kettle was singing , bhí an citeal ag crónán, ag portaireacht .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was singing and dancing , bhí sé ag gabháil ceoil agus ag damhsa .
He can sing with the best , tá sé inchurtha leis an gcuid is fearr acu ag ceol .
Community singing , cantain f , cantaireacht f , i gcomhar .
To sing in concert , amhráin a ghabháil i gcomhcheol .
She sings well enough , níl sí ach maith go leor, cuíosach, réasúnta, chun amhrán a rá .
Mus : To sing with expression , canadh le mothú .
He sings flat , canann sé maol .
Singing is not his forte , ní chun amhránaíochta is fearr é .
She sings like a lark , tá sí chomh binn leis an bhfuiseog .
He can't sing for nuts , ní fiú salann lena chuid é ag gabháil cheoil .
To sing in parts , canadh de réir páirteanna .
He recites rather than sings , is mó is ag aithriseoireacht a bhíonn sé ná ag canadh .
To sing sth. by request , rud a chanadh ar iarratas .
Singing lesson , ceacht amhránaíochta .
Singing in the ears , ceol sna cluasa .
In a sing-song , in aon deilín amháin .
Sing-song accent , tuin mhonabhrach .
There was singing and dancing , bhí rince agus ceol ann .
To sing to the violin , canadh i gcomhcheol le veidhlín .
To sing the treble , an tribil a chanadh .
To sing true , canadh fíor .
To sing in tune , cur leis an bhfonn .
To sing out of tune , an fonn a chailleadh .
Now you sing , abairse, abraigíse, amhrán anois ; abair thusa, abraigí sibhse, amhrán anois .