breath, s.Anáil f.To draw breath, anáil a tharraingt. It is the very breath of life to me, is ionann is beatha dom é. To have a bad breath, anáil bhréan a bheith agat. All in the same breath, in aon rabhán amháin. To hold one's breath, an anáil a choinneáil istigh. He was gasping for breath, bhí sé ag puthaíl. He caught his breath, baineadh an anáil de. To lose one's breath, to get out of breath, an anáil a chailleadh. You are wasting your breath, tá tú ag cur do chuid cainte amú. He is short of breath, (i) tá sé rite as anáil; (ii) tá giorra anála air. Out of breath, rite as anáil. It took my breath away, bhain sé an anáil díom. To take breath, anáil a tharraingt. He got, recovered, his breath, fuair sé an anáil leis. He said under, below, his breath, dúirt sé faoina anáil, i gcogar, faoina fhiacail. The first breath of Spring, céad bheos an Earraigh. There is not a breath of wind, níl aon phuth gaoithe ann. To let in a breath of air, deoladh m gaoithe a ligean isteach. Breath of stale tobacco, seanbholadh m tobac. S.a. AIR1 I. 1, BATE.