EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
intelligence , s . 1 a Intleacht f . b Tuiscint f -eana, eagna chinn, éirim f . 2 Nuacht f -a , scéal nua . Journ : Latest intelligence , na scéalta is nua . Shipping intelligence , faisnéis f loingis . Mil : Intelligence department , rannóg fhaisnéise .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is bankrupt of intelligence , níl spréach aige .
His conversation bespeaks a man of intelligence , d'aithneofá ar a chomhrá gur duine meabhrach é .
To give evidence of intelligence , éirim a thaispeáint ; comharthaí éirime a thaispeáint .
To evince intelligence , comharthaí éirime a thaispeáint .
He hasn't the slightest glimmer of intelligence , níl splanc aige .
Latest intelligence, latest news , an scéala is nua .
Limited intelligence , intleacht chúng .
What he lacked in intelligence, he made up for in strength , an méid a bhí sé siar sa stuaim thug sé isteach sa neart é .
That ought to be dear to the meanest intelligence , ba chóir go mbeadh an méid sin intuigthe ag an té is lú meabhair .
F : A high plane of intelligence , ardchéim f éirime .
In point of intelligence , i gcúrsaí, ó thaobh, intleachta .
Journ : Police intelligence , tuarascálacha fpl cúirte .
He does not pretend to intelligence , níl sé ag glacadh le hintleacht .
To give proof of intelligence , a thabhairt le taispeáint go bhfuil éirim agat .
Sch : Intelligence quotient (IQ) , sainuimhir f intleachta (SI) .
His conduct reveals great intelligence , is léir óna iompar go bhfuil an-éirim aigne aige .
She is sadly deficient in intelligence , tá easpa mhór éirime uirthi .
That doesn't say much for his intelligence , fágann sin gann in intleacht é .
I should say she has intelligence , measaim, déarfainn, go bhfuil eagna chinn aici .
In intelligence he is second to none , le hintleacht níl barr bua ag aon duine air .
He showed intelligence , chruthaigh sé go raibh intleacht aige .
Of slight intelligence , gann i gciall .
To surpass s.o. in intelligence ., barr éirime a bhreith ó dhuine .
Intelligence test , tástáil éirime .
It gives token of intelligence , is comhartha éirime é .
Wanting in intelligence , i ndíth meabhrach, lagmheabhrach .
With your intelligence you will understand that , duine chomh hintleachtach leatsa tuigfidh sé an méid sin .