mark1, s.1aMarc m, sprioc f. To hit the mark, an marc a bhualadh; urchar a chur i gcion. To miss the mark, urchar iomrallach a chaitheamh. F: That's beside the mark, ní bhaineann sin leis an scéal. To be wide of the mark, bheith i bhfad ón bhfírinne. bHe is an easy mark, is furasta an olann a bhaint de; is furasta craiceann a chur ar lao dó. cBox: Blow to the mark, buille sa scairt. 2Nau: Comhartha m, marc m. 3aComhartha m. As a mark of esteem for you, le teann measa ort. It bears the mark of truth, tá lorg na fírinne air. bFarr: Mark of mouth, marc fiacaile. 4aLorg m, rian m. Mark of a blow, lorg buille. Marks of old age, lorg na mblianta. To leave one's mark upon sth., do rian, lorg do láimhe, a fhágáil ar rud. To make one's mark, clú a thabhú. (God) save the mark!slán an tsamhail! slán mo chomhartha!bThe mark of a foot, lorg coise. Fb: To make one's mark, pitseach a dhéanamh (sa talamh). 5a(Of illiterate person) Marc. He made his mark, leag sé a mhéar ar an bpeann. Punctuation marks, comharthaí poncaíochta. Interrogation mark, comhartha ceiste. bSch: Marc. Good mark, marc maith. 6aPointe m, líne f. Guiding mark, guide-mark, lay-mark, reference mark, mark, treorach. bNau: Plimsoll's mark, slat an lasta. F: (Of pers.) He is not up to the mark, (i) (in ability) níl sé sách maith; (ii) (in health) níl sé aige féin. I am below the mark, níl mé ar mo chóir féin. (Of thg.) To come, be, up to the mark, bheith chomh maith is ba cheart. It is not up to the mark, níl aon ghaisce ann. cFor: (Blaze) Gead f (ar chrann). dSp: Líne f, cailc f (tosaithe). (Of motor car) To be quick off the mark, bogadh (chun siúil) go pras. 7Man of mark, fear iomráiteach.
mark2, v.tr.1aMarcálaim, cuirim comhartha ar (éadaí, earraí). He had the cards marked, bhí comharthaí ar na cártaí aige. b(Usu. passive) Face marked with smallpox, aghaidh a mbeadh rian na bolgaí uirthi. To be marked with spots, bheith breactha (le baill). Marked with white stripes, agus stríoca bána ann. 2aTo mark (the price of) an article, a luach a chur ar rud. bSch: To mark an exercise, ceacht a mharcáil. 3To mark s.o. as . . ., duine a thoghadh mar . . . If we are marked to die, más é an bás atá daite dúinn; má tá an bás i ndán dúinn. 4aTo mark the game, the points in a game, cuntas a choinneáil ar scórcluiche. bStream that marks the boundary, sruthán na teorann, na críche. Post marking the course, cuaille an chúrsa. cSuch an answer marks the boor, sin freagra an tútacháin. 5aTo mark one's approval, displeasure, a thabhairt le fios go mbeifeá sásta, míshásta. To mark time, (i) Mil: an t-am a bhualadh; (ii) an greim a choinneáil. bHis reign was marked by great victories, ba suntasach na cathanna a buadh le linn a réime. To mark an era, tús ré a chinneadh. 6Tugaim faoi deara, sonraím. Mark me! mark you! mark my words!cuimhnigh ar a bhfuil mé a rá leat! mise á rá leat!Fb: To mark a player, imreoir a fhaire.