over.Iprep.1aThar, os cionn, anuas ar. (Pron. forms of thar: sg.tharam, tharat, thairis (m), thairsti (f); pl.tharainn, tharaibh, tharstu). To spread a cloth over sth., éadach a leathadh anuas ar rud. With a coat over her shoulders, agus cóta aniar thar a guaillí aici. bAll over the country, ar fud na tíre go léir. He is famous all over the world, tá cáil air i gcríocha an domhain mhóir. S.a. OVER-ALL, OVERALL. P: To be all over s.o., bheith i do choda beaga timpeall ar dhuine. cOver (the top of) sth., thar bharr ruda; de dhroim ruda. S.a. TOP1 I. 1. To throw sth. over the wall, rud a chaitheamh thar an mballa. We heard voices over the wall, chualamar glórtha ar an taobh eile den bhalla. He fell over a cliff, thit sé le haill. She stumbled over the block, bhain an blocán barrthuisle aisti. 2aJutting out over the street, sínte amach os cionn na sráide. His name is over the door, tá a ainm os cionn an dorais (aige). Hanging over our heads, crochta os ár gcionn. With his hat over his eyes, agus an hata anuas ina shúile aige. His hat over one ear, a hata ar thaobh a leicinn. He was over his ankles in water, bhí an t-uisce thar na murnáin air. S.a. EAR1 1, HAND1 2. bYou have an advantage over me, tá buntáiste agat orm. To reign over a land, bheith i do rí ar thír. He is over me, tá sé os mo chionn. cBending over his work, crom ar a chuid oibre. Sitting over the fire, i do shuí os cionn na tine. 3(Across) aThe house over the way, an teach thall. Over the border, taobh thall den teorainn. Over the river, ar an taobh thall den abhainn. bThe bridge over the river, an droichead atá ar an abhainn. 4(In excess of) Over fifty, os cionn leathchéid; níos mó ná leathchéad. Over five years (of age), os cionn cúig bliana d'aois. He is over fifty, tá an leathchéad sáraithe aige. Over and above his salary, le cois a thuarastail; sa bhreis ar a thuarastal. 5Over the last three years, le trí bliana anuas. Over the summer, i rith an tsamhraidh. IIadv.1aAr fud. He searched Dublin over, chuardaigh sé gach cearn de Bhaile Átha Cliath. He is famous all the world over, tá clú air ar fud an domhain. To be dust all over, beith faoi dheannach ó mhullach go sáil. I ached all over, ní raibh aon bhall de mo chorp nach raibh tinn. bTo read a letter over, litir a léamh óna tús go dtína deireadh. I have had to do it all over again, b'éigean dom an t-iomlán de a dhéanamh athuair, as an nua. S.a. GO OVER 1, LOOK OVER. c(Repetition) Ten times over, deich n-uaire i ndiaidh a chéile. Twice over, faoi dhó. Over and over (again), arís agus arís eile. I’ve read it over and over again, tá sé léite agus seanléite agam. 2aThar (rud). To look over into a garden, amharc isteach i ngarraí thar an mballa. The pot is boiling over, tá an pota ag cur amach. bLeaning over, crochta amach thar (rud). He was leaning over the counter, bhí sé ligthe anuas thar an gcuntar. 3aTo fall over, (i) (of pers.) titim as do sheasamh; (ii) (of thg.) iompú. To knock sth. over, rud a leagan. bPlease turn over, P.T.O., anonn. To turn sth. over and over, rud a iompú agus a athiompú. S.a. TURN-OVER. To bend sth. over, rud a lúbadh. cNau: Hard over!líon an stiúir! cuir díot i!4To cross over, dul trasna (na sráide, na farraige). Over there, thall ansin. Over yonder, thall úd. Over here, abhus (anseo). Over against sth., os coinne ruda, ar aghaidh ruda. He came over from France, tháinig sé anall as an bhFrainc. He went over to France, chuaigh sé anonn chun na Fraince. S.a. GET OVER, GIVE OVER 1, ETC. 5Sa bhreis, le cois, aFourteen years and over, ceithre bliana déag agus os a chionn. Twice and one over, dhá uair agus a haon fágtha. He is six feet and a bit over, tá sé sé troithe agus corradh. bKeep what is (left) over, coinnigh an fuílleach. I have a card over, tá cárta de bharraíocht, le cois, agam. And over and above, he is younger than you, agus ina theannta sin, lena chois sin, tá sé níos óige ná thú. c(Till later) To hold over a decision, breithiúnas a chur ar gcúl, a chur siar. The question is held over, tá an scéal curtha ar athló. d(Compounded with adjs. and divs.) Ró-. Overabundant, rólíonmhar. Do not be over-confident, ná bí rómhuiníneach (as). Over-scrupulous, róscrupallach. e(Compounded with a noun) Iomarca f, barraíocht f; ró-. Over-confidence, barraíocht muiníne, rómhuinín f. f(Compounded with a verb) To over-stretch a spring, sprionga a tharraingt rómhór, a rótharraingt. To overstep, dul thar (údarás, etc.). 6Thart. The storm is over, tá an stoirm thart. It is all over, tá deireadh leis. It is all over with me, tá mo gnóthaí déanta. S.a. GIVE OVER 2. IIIs.1Ch: Cor m (babhlála). 2Typ: Breis f. 3Knitting: Single, double, over, snáithe thar biorán uair, dhá uair.