EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bogha fir4 gléas le saighead a scaoileadh; gléas le veidhlín a sheinm; fáinne thart ar an ngrian nó ar an ngealach ► bogha báistí stua álainn le dathanna éagsúla a bhíonn le feiceáil sa spéir nuair a shoilsíonn an ghrian tríd an bhfearthainn, tuar ceatha
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
duine a scaoileann le bogha
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
áit a chreidtear a gcónaíonn an slua sí; bogha, fáinne
cloch luachmhar ar dhath an bhainne agus dathanna an bhogha báistí ag rith tríthi
duine a scaoileann le saigheada as bogha; duine a dhéanann saighdeadh
bata caol is bior air a scaoiltear as bogha; splanc; arraing, daigh phéine
an banda dathanna atá sa bhogha báistí nó a thagann as solas geal a bhriseadh suas ar a ghabháil trí phriosma gloine
gléas ceoil ceithre shreang a fháisctear isteach faoin smig agus a sheinntear le bogha