DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
codanna beaga a dhéanamh de (adhmad a bhriseadh); díobháil a dhéanamh de (do shláinte a bhriseadh); sárú (dlí a bhriseadh); cur as feidhm (duine a bhriseadh as a phost); ceansú, míniú (capall a bhriseadh); sóinseáil (airgead a bhriseadh); dul in olcas (an aimsir ag briseadh); cosc (balla ag briseadh na gaoithe); brúchtadh (bhris an gol uirthi); athrú go hinmheánach (bainne ag briseadh); cloí (briseadh na Bóinne); breacadh (briseadh an lae)
cén áit (cá bhfuil sé? cár chuir tú é?; cárb as duit?); cad, céard (cá air a bhfuil sé ag caint?); cé chomh (cá fhad, cá mhéad?)
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
tachtadh (múchta ag teas, ag slaghdán); cur as, cur amach (mhúch sé an tine); cosc (múchfaidh sé sin do thart); cosc anála de cheal aeir (bá is múchadh ort!); suncáil (múchta i bhfiacha); maolú (glór múchta); coinneáil siar (deora a mhúchadh); asma (tá an múchadh ag cur air)
focal beag a chuirtear roimh ainmfhocal lena thaispeáint cén bhaint atá aige le focal eile (mar shampla; ar, as, ag, do, de, i, ó etc.)
cur ó chéile, imeacht ó chéile, deighilt, dealú (lánúin a scaradh; do chosa a scaradh); leathadh (féar, móin, a scaradh); éirí as nó teacht as (scaradh leis an ól; is maith a scar tú leis)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)