banna1, m. (gs. ~, pl. ~í).1. Mus: Band. ~ píob, práis, fífeanna, míleata, pipe, brass, fife, military, band. Fear ~, bandsman. 2 = banda1.
banna2, m. (gs. ~, pl. ~í).1. Bond. (a) Binding. ~ a chur ar rud, to bind sth. (b)~ cláraithe, morgáiste, riaracháin, seachadóra, Stáit, registered, mortgage, administrative, bearer, Government, bond. Earraí a chur i m~, to bond goods. Trádstóras ~, bonded warehouse. 2. (pl.) Bail. Dul i mbannaí ar dhuine, to go bail for s.o. ~í (síochána), a chur ar dhuine; duine a chur faoi bhannaí, to bind s.o. over (to the peace). ~í leanúnacha, continuing bail. Duine a ligean amach ar ~í, to release s.o. on bail. ~í a bhriseadh, to jump bail. ~í béil a thabhairt le rud, to give one’s word for sth. (Rachaidh) mise i mbannaí (ort)(go), I’ll go bail, warrant you, (that) 3. (pl.) Banns. ~í pósta, marriage banns.