cíoch, f. (gs. cíche, npl. ~a, gpl. ~). 1. Breast, pap. An chíoch a thabhairt do leanbh, to give the breast to, to suckle, a child. Leanbh ar an g~, leanbh cíche, child at the breast. Leanbh a bhaint den chíoch, to wean a child. Bainne cíche, breast milk. S.a. bainne 3. 2. ~ (sléibhe), conical hilltop, pap. 3. Papilla, protuberance (as on a potato). 4. ~ charraige, sea-anemone.